Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Comórtas Sábháilteachta Bóthair

Comórtas Ealaíne do dhaltaí scoile maidir le Sábháilteacht Bhóthair

Road Safety Art Comp

Ag seoladh an Chomórtais Ealaíne ar Shábháilteacht Bóthair bhí an Cathaoirleach Clr. Nicholas Crossan, John McLaughlin, Stiúrthóir Bóithre agus Iompair, Brideen Blaney, DLDC, John Campbell Cláirsigh na Finne, Brian O’Donnell Oifigeach Sábháilteachta Bóthair, Kevin Mc Hugh, Cláirsigh na Finne, Will Patterson DMG Motors, Susanna Olahoba, DLDC agus Dessie McGlinchey Cláirsigh na Finne. Chomh maith leis sin, bhí Pól Mac Giolla Bhríde, múinteoir, agus daltaí Kian Mac an Fhleastai, Ron Ní Cnaimhsí, Siún Ní Dhomhnaill, Naoise Ó Caomhánach, Fionn Ó Niallain & Evan Ó Híá. Pic le Clive Wasson

 

Rachaidh Comhairle Contae Dhún na nGall agus Meitheal Sábháilteachta Bóthair Dhún na nGall i gcomhpháirtíocht arís eile le Cumann Peile Chláirsigh na Finne chun cuidiú leo  Sábháilteacht Bóthair a chur chun cinn i nDún na nGall trí Chomórtas Ealaíne ar Shábháilteacht Bóthair a reáchtáil. Sheol an Cathaoirleach, an Clr. Nicholas Crossan, Stiúrthóir Bóithre John McLaughlin, John Campbell ó Chláirsigh na Finne agus daltaí ó Ghaelscoil Adhamhnáin an comórtas go hoifigiúil ar an Chéadaoin 8ú Eanáir i nGaelscoil Adhamhnáin i Leitir Ceanainn.

 

Tá spás fógraíochta curtha ar fáil ag Cláirsigh na Finne a bheas ag pilleadh ar an Phríomhshraith i mbliana, do MSBD chun fógra a dhíríonn ar Shábháilteacht Bóthair a thaispeáint i bPáirc na Finne sa tséasúr atá amach romhainn. Ba mhaith leo aird na ndaoine a dhíriú ar na contúirtí a bhaineann leis na bóithre lá i ndiaidh lae. Fógrófar buaiteoir an Chomórtais Ealaíne ag an chéad chluiche baile den tséasúr úr, cluiche a imreoidh Cláirsigh na Finne i ndearbaí Iarthuaiscirt i gcoinne Chumann Peile Ruagairí Shligigh i bPáirc na Finne ar an Aoine 14ú Feabhra 2020.

 

Déanfaidh dalta scoile ó cheann de bhunscoileanna na contae an clár Sábháilteachta Bóthair a dhearadh trí chomórtas oscailte ealaíne.

 

Dúirt an Clr. Nicholas Crossan an méid seo. “Tá muid thar a bheith sásta leis na hiarrachtaí leanúnacha atá ar bun ag Cumann Peile Chláirsigh na Finne chun cuidiú linn aird a dhíriú ar na contúirtí a bhaineann lenár mbóithre. Tugann Comhairle Contae Dhún na nGall tús áite i gcónaí do shábháilteacht iad siúd a bhaineann úsáid as na bóithre agus is deis é an Comórtas Ealaíne le daoine óga a chur i mbun comhrá faoi chúrsaí Sábháilteachta Bóthair agus iompar siosmaideach ar bhóithre a chothú iontu ar shlí thaitneamhach agus oideachasúil.  

 

Ag labhairt dó ag seoladh na Céadaoine, dúirt Brian O’Donnell, Oifigeach Sábháilteachta Bóthair “Tá lúcháir orainn go bhfuil obair mhór á déanamh ag Cumann Peile Chláirsigh na Finne le contúirtí ár mbóithre a chur i súile an phobail. Díríonn an comórtas ealaíne ar dhaoine óga chun iad a spreagadh lena smaointe ar iompar siosmaideach agus sábháilteacht bóthair a léiriú. Trí pháistí óga a fháil le bheith páirteach ann,  tá súil againn go gcuideoidh sé le daoine óga a ghríosú chun iad féin a iompar go siosmaideach ar na bóithre agus thig le teachtaireachtaí agus píosaí ealaíne na ndaltaí a bhaineann le sábháilteacht bóthair tionchar a bheith acu ar iompar na dtuismitheoirí agus na mball teaghlaigh.”

 

Road Safety Art Comp Group

Rang a 4 & 5 ó Ghaelscoil Adhamhnáin, Leitir Ceanainn leis an Chathaoirleach Clr. Nicholas Crossan,  John McLaughlin, Stiúrthóir Bóithre agus Iompair, Brideen Blaney, DLDC, John Campbell, Cláirsigh na Finne,  Brian O’Donnell, Oifigeach Sábháilteachta Bóthair,  Kevin McHugh, Cláirsigh na Finne, Will Patterson, DMG Motors, Pól Mac Giolla Bhríde, múinteoir, Susanna Olahoba, DLDC agus Dessie McGlinchey, Cláirsigh na Finne ag seoladh an Chomórtais Ealaíne ar Shábháilteacht Bóthair. Pictiúr le Clive Wasson.

 

 

Thug Oifigeach le haghaidh Peil sa Phobal le Cláirsigh na Finne le fios go raibh lúcháir orthu a bheith páirteach san fheachtas Sábháilteachta Bóthair seo. “Mar Chlub Sinsearach i nDún na nGall, síleann muid go bhfuil dualgas orainn, chomh maith le daoine eile, cúrsaí sábháilteachta bóthair a chur chun cinn. Tá ár gCumann breá sásta a bheith mar chuid de Mheitheal Sábháilteachta Bóthair Dhún na nGall agus léiríonn líon na n-iontrálacha atá faighte againn ó bunaíodh an comórtas go bhfuil suim ar leith ag na scoileanna sa chomórtas áirithe seo”.

 

Ní mór d’achan iontráil a bheith ina buniontráil, déanta ag an dalta féin agus ar pháipéar A3 nó níos lú. Tá sonraí á seoladh chuig bunscoileanna na contae faoi láthair. Ní ghlacfar le hiontrálacha i ndiaidh an 28ú Eanáir 2020.

 

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin chomórtas trí teagmháil a dhéanamh le Brian O’ Donnell, Comhairle Contae Dhún na nGall ar 074 9172360 nó le John Campbell, Cláirsigh na Finne ar 087 3872973.

 

Tá go dtí an 28ú Eanáir 2020 ag páistí chun cur isteach ar an chomórtas. Ba cheart go seolfar na píosaí ealaíne tríd an scoil chuig:

Comórtas Ealaíne ar Shábháilteacht Bóthair, An Oifig um Dhearadh Bóithre, Comhairle Contae Dhún na nGall, Leifear, Co. Dhún na nGall.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO