Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Comhráite i bPortráidí

09-10-20 Comhráite i bPortráidí

Tá Aoisbhá Dhún na nGall, i gcomhpháirt le Rannán Cultúir Chomhairle Contae Dhún na nGall agus an t-ealaíontóir portráide Andy Parsons, ag cuartú daoine le bheith páirteach i Suí Fíorúil Portráide mar chuid de Chruthaitheacht sa tSeanaois, Éire Ildánach.  Tá an togra ar siúl faoi láthair i gceithre limistéar údaráis áitiúil san Iarthuaisceat - Dún na nGall, Ros Comáin (Ceann an Togra), Liatroim agus Sligeach. 

 

Tá muid ag lorg daoine i gContae Dhún na nGall, os cionn 70 bliain d’aois agus atá i dteach cúraim nó atá ag clutharú sa bhaile, iad ag cronú a gcuid gníomhaíochtaí cultúrtha agus suim acu ceangail agus caidrimh úra a dhéanamh ag an am seo.  Le linn na seisiún seo, a dhéanfar ar líne trí Zoom, cruthóidh Andy saothar ealaíne le linn dó aithne a chur ar gach duine agus labhairt leo faoin saol a bhí acu le roinnt míonna anuas de bharr Covid.  Mar chúiteamh ar a gcuid ama a thabhairt, cuirfear na portráidí amach chuig na rannpháirtithe le iad a chur ar taispeáint ina dtithe féin, le go mbainfeadh baill teaghlaigh, cairde agus baill foirne sult agus pléisiúr astu.  Beidh na portráidí ar taispeáint i bhfoirm dhigiteach fosta ar shuíomhanna idirlín agus leathanaigh facebook de chuid Aoisbhá Dhún na nGall, Chomhairle Contae Dhún na nGall, agus Fhéile Bhealtaine faoi chúram Aostacht agus Deiseanna.

 

Le bheith páirteach, bheadh ort bheith in ann teacht ar ríomhaire nó ar ghuthán cliste le haghaidh físchomhrá ar zúm, fiú mura bhfuil ann ach dhá nó trí mhaidin.  Más mian leat bheith páirteach agus mura bhfuil teacht agat ar ríomhaire nó ar ghuthán, oibreoidh Aoisbhá Dhún na nGall leis na daoine aonaracha leis sin a shocrú.   Tá ceithre áit ar fáil agus tá muid ag súil le cothromaíocht éigin idir daoine atá ina gcónaí sa bhaile nó i dteach cúraim sa chontae, fir agus mná.

 

Cuir in iúl má tá suim agat trí ríomhphost chuig [email protected] faoi mhaidin Dé hAoine 16 Deireadh Fómhair agus ‘Comhráite i bPortráidí’.  Beidh sonraí de dhíth orainn maidir le hainm, aois, agus áit chónaithe an rannpháirtí.  Tabhair faoi deara go mbeidh idir 2-3 sheisiún ann a mhairfidh thart fá 60-90 bomaite.

 

Tá taithí mhór ag Andy Parsons ar a bheith ag obair le daoine níos sine agus ag obair in ionaid chúraim.   San am i láthair, is eisean An tEalaíontóir Cónaithe in Otharlann Ollscoile Shligigh, agus bhí sé i mbun Cónaitheacht Ealaíontóra faoi stiúir Aostacht agus Deiseanna in Otharlann Phobail na gCealla Beaga anuraidh, ócáid a raibh an-ráchairt air. D’oibrigh sé le cónaitheoirí agus le baill foirne ansin ar thogra chun fiosrú a dhéanamh ar cheardaíocht thraidisiúnta láimhe a bhí coitianta i nDeisceart agus in Iardheisceart Dhún na nGall.  Thig leat tuilleadh eolais a fháil ar obair Andy le hAostacht agus Deiseanna anseo:  http://bealtaine.ie/news/show/conversations_a_virtual_portrait_project_with_andy_parsons

 

Tionscadal comhpháirtíochta ag Údaráis Áitiúla Ros Comáin, Shligigh, Liatroma agus Dhún na nGall agus Aostacht agus Deiseanna mar chuid de Chruthaitheacht sa tSeanaois, Éire Ildánach.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO