Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Clár úr sábháilteachta bóthair

05/02/20 Clár úr Sábháilteachta Bóthair ‘Do bheatha, Do Rogha’ seolta go hoifigiúil

Your Life Your Choice

Ag seoladh an Chláir Sábháilteachta Bóthair ‘Do Bheatha, Do Rogha’, bhí An Cathaoirleach Nicholas Crossan, An Príomhfheidhmeannach Seamus Neely, John Mc Laughlin, Stiúrthóir Seirbhísí, an Ceannfort David Kelly Baile na nGallóglach, an Cigire Michael Harrison, an Sáirsint Fergus McGroary, an Sáirsint Paul Mc Gee, Brian O’ Donnell, Oifigeach Sábháilteachta Bóthair, Emma McCallion, Innealtóir Sábháilteachta Bóthair, Christopher Mac Suibhne CLG Ghaoth Dobhair, Ciaran O’ Donnell, Taragh Ouinlivan, Prosóisialta Éireann, Gareth Gibson, Seirbhís na n-Óg Dhún na nGall, Louise Mc Geever, Údarás Um Shábháilteacht ar Bhóithre, Dermot Cunningham, Naoise O Hagen, Ava Maxwell, Naomh Catherine, Na Cealla Beaga, an Garda Paul Mc Crossan, an Garda Yvonne Carolan, an Garda Patrick McGlynn, an Garda J.L.O., an Garda Paddy Ryan agus an Garda Sean Mc Laughlin.

 

Seoladh an clár úr sábháilteachta bóthair ‘Do Bheatha, Do rogha go hoifigiúil inné, 4ú Feabhra. Seo clár a d’fhorbair Comhairle Contae Dhún na nGall, An Garda Síochána agus Prosóisialta Éireann agus a chuirfear ar fáil do scoláirí Idirbhliana i meáscoileanna ar fud Dhún na nGall.

 

Deir Brian O Donnell, Oifigeach Sábháilteachta Bóthair le Comhairle Contae Dhún na nGall gurb ‘í aidhm an chláir ‘Do Bheatha, Do Rogha ná beatha thiománaithe óga a shábháil. Baineann na mílte gluaisteán úsáid as ár mbóithre achan uile lá agus caithfear cúrsaí sábháilteachta bóthair a choinneáil ar intinn i gcónaí. Tuigeann Comhairle Contae Dhún na nGall an tábhacht atá le sábháilteacht bóthair agus tá siad ag déanamh a ndícheall le dul i ngleic leis. Tá beathaí go fóill á gcailleadh ar bhóithre na contae agus níor cheart go mbeadh ag aon teaghlach fulaingt mar gheall gur cailleadh duine muinteartha daofa i dtimpiste bóthair’.

 

Mar chuid den chlár, déanfaidh baill den Gharda Síochána a bhfuil neart taithí acu ar dhrochthimpistí agus timpistí inár maraíodh daoine, cur i láthair do na scoláirí. Déanfaidh siad cur síos ar na cúiseanna a bhaineann le timpistí bóthair i measc daoine óga. Léireoidh siad ar dhóigh phraiticiúil iad chun go dtuigfeadh na scoláirí. Cuireann an cur i láthair béim ar na fíor-scéalta agus an toradh a bhíonn ar thiomáint mhí-chuí. Táthar ag súil go gcuirfidh seo tiománaithe na todhchaí ag smaointiú agus go mbeidh tionchar aige ar roghanna na dtiománaithe óga. Is iad daoine óga is mó atá i mbaol drochthimpistí bóthair.

 

Bainfear úsáid as gléasanna cinn réaltachta fíorúla sa dara chuid den chlár, agus cruthóidh siad timpeallacht ina dtarlóidh drochthimpiste bóthair, áit a mbeidh an scoláire i suíochán an phaisinéara agus iad i gcarr réaltachta fíorúla. Cuireann Prosóisialta Éireann deireadh leis an chlár trí aird a dhíriú ar an tábhacht a bhaineann le hachan rogha a dhéanann muid ar na bóithre agus na torthaí tromchúiseacha a thiocfadh a bheith ar dhroch-chinnteoireacht ar na bóithre. 

 

Thug an Cigire Michael Harrison le fios go raibh lúcháir ar an Gharda Síochána an deis a fháil oibriú i gcomhar le Comhairle Contae Dhún na nGall agus Prosóisialta Éireann ar an chlár úr sábháilteachta bóthair ‘Do Bheatha, Do Rogha’. Is í aidhm an chláir ná daoine a chur ar an eolas faoi na cúiseanna agus iarmhairtí a bhaineann le drochthimpistí bóthair. Tá An Garda Síochána i nDún na nGall den tuairim go raibh géar gá le forbairt an chláir, a bheas ar fáil anois do scoláirí Idirbhliana i meánscoileanna an chontae. Léiríodh an clár i roinnt scoileanna go dtí seo agus tá aiseolas thar a bheith dearfach faigthe ar ais. Tagann an clár seo i gcomharbacht ar an fheachtas “Ní tharlóidh sé domhsa” a cuireadh ar fáil do scoláirí meánscoile i nDún na nGall le blianta beaga anuas agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Comhairle Contae Dhún na nGall agus Prosóisialta Éireann le cois na mball ón cheithre Cheantar Bardais anseo i nDún na nGall a chuidigh leis an chlár seo a chur le chéile.’

 

Dúirt Cathaoirleach na Comhairle, Nicholas Crossan ‘Fáiltíonn muid roimh thionscnamh ar bith a spreagann daoine, go háirithe daoine óga le iad féin a iompar go freagrach agus iad i mbun tiomána. Is tionscnamh ar dóigh é an clár ‘Do Bheatha, Do Rogha chun daoine a chur ar an eolas faoi chúrsaí sabháilteachta bóthair. D’fhéadfadh se go rachadh an teicneolaíocht réaltachta fíorúla go mór chun sochair do na daoine óga mar go gcinntíonn sé go bhfuil siad eolach ar na contúirtí a bhaineann le tiomáint fhíorchontúirteach. Is deis ar dóigh í seo chun úsáid a bhaint as teicneolaíocht leis an tionchar a bhaineann le drochiompar tiomána a léiriú do dhaoine óga’.

 

Ba mhaith le hachan duine a raibh baint acu leis an tionscnamh a mbuíochas a ghabháil le Tara Harkin, Bun Cranncha agus Christopher Mac Suibhne, C.L.G Ghaoth Dobhair a roinn a scéalta pearsanta faoi dhuine a cailleadh ar na bóithre agus fosta do Sheamus Coleman agus Kris Meeke as am a ghlacadh le hachainní phearsanta a dhéanamh ar dhaoine óga as Dún na nGall a úsáideann na bóithre.

 

Éireoidh leis an tionscnamh seo más rud é gur féidir le beatha duine amháin a shábháil nó meon duine óg amháin a athrú le bheith ina dtiománaí sábháilte agus freagrach. 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO