Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Ceol le Chéile

02/06/20 Ceol le Chéile – Ní féidir iad a stopadh

 

 

 

Tá COVID-19, agus gach rud a ghabhann leis, i ndiaidh stad a chur le cuid mhór tograí idirghlúine.   Ach mar sin féin, níor chuir sin stad le Cór na nGlúnta de chuid Chomhairle Contae Dhún na nGall, mar atá ‘Ceol le Chéile’, cór a bhfuil béim ar leith i gcónaí acu ar an óige agus daoine níos sine a thabhairt le chéile chun caidrimh a thógáil agus chun bheith páirteach in imeachtaí sóisialta sultmhara.

Bhí a gcleachtadh deireanach ag Ceol le Chéile ar an 6 Márta, agus ó shin i leith tá cuid mhór ball ag féin-aonrú sa bhaile.

 

Leis an ghné shóisialta den chór a choinneáil ag dul, chuardaigh Clár Aoisbhá Dhún na nGall dóigheanna éagsúla leis na teagmhálacha sa chór a choinneáil beo.

 

Dúirt Mairéad Cranley, Comhordaitheoir le Clár Aoisbhá Dhún na nGall: “Ar dtús, d’ullmhaigh Veronica McCarron, Stiúrthóir an Chóir, ceachtanna taifeadta agus sheol amach iad chuig baill an chóir, agus cé gur bhain na baill sult as na ceachtanna, níorbh ionann é mar nach raibh siad in ann a chéile a fheiceáil.  Ansin, cuidíodh leis na baill den chór a chéile a fheiceáil trí bheith ag cleachtadh ar líne via Zoom.’

 

Ós rud é nach raibh teacht ag cuid mhór de na daoine níos sine ar ríomhaire glúine ná ar ghuthán cliste, ní raibh sé furasta seo a shocrú.

 

Fuair Kathleen Bonner, Comhordaitheoir an Chóir, amach cá mhéad duine a raibh an trealamh riachtanach acu, agus do na daoine sin nach raibh an trealamh acu, thug Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall, tríd an Chomhaontas Aoisbhá, roinnt ríomhairí glúine ar iasacht dóibh, le croí mór maith.

 

Is iomaí ball acu nár chuir ríomhaire ag dul riamh, ná nach raibh ar Zoom riamh, agus bhí gá le treoir theicniúil a shocrú. Arís, tríd an Chomhaontas Aoisbhá, bhí lúcháir ar Chomhpháirtíocht Forbartha Inis Eoghain tacaíocht teicneolaíochta a sholáthar ó bheirt shaineolaithe, Denis Kelly agus Sinéad McDaid.

 

Dúirt Mairéad: ‘Rinneadh suirbhé beag ar bhaill an chóir le fiafraí díobh ar úsáid siad Zoom riamh roimhe seo? Níor úsáid 60% de bhaill an chóir é.  Is dúshlán eile é seo atá sáraithe acu, agus arís chuaigh siad i ngleic leis agus tá sé ina chuidiú acu anois le linn na paindéime Covid-19.

Tá ceithre seachtaine imithe tharainn anois ó thosaigh na baill den chóir ag cleachtadh ar líne, agus bhí suas le 75 ball ag cleachtadh ar líne ag an aon am amháin. Níorbh fhada go ndearnadh dearmad ar an dúshlán mhór a bhí ann do dhaoine níos sine nach bhfuil an cumas céanna teicniúil acu, agus bhí siad ar bís lena gcairde a fheiceáil.’

 

Ó shin i leith, agus laistigh de cheithre seachtaine, d’oibrigh an cór go crua agus chruthaigh siad físeán ina gceolann siad an t-amhrán clasaiceach le Bob Marley “Three Little Birds”.  Fuair an físeán éisteacht iontach, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, Dé Domhnaigh 31 Bealtaine, nuair a bhí sé ar thús cadhnaíochta ar 11.00am don Chór Stáitse Fíorúil le linn Chnapsholas Bhealtaine, agus bhí cóir eile ag ceol ina dhiaidh le linn an chuid eile den lá. 

 

Chríochnaigh Mairéad agus í ag rá: ‘Buíochas speisialta do Veronica McCarron, Stiúrthóir an Chóir, Kathleen Bonner, Comhordaitheoir an Chóir, Comhairle Contae Dhún na nGall, Catherine Friel in BOO Dhún na nGall as ríomhairí glúine a sholáthar agus Comhpháirtíocht Forbartha Inis Eoghain as an Treoir Theicniúil a chuir Denis Kelly agus Sinéad McDaid ar fáil.  Is é Denis Kelly a rinne an físeán chomh maith.  Ní tharlódh an togra seo gan sibh uilig. Go raibh maith agaibh. ‘

 

Is féidir leat an cór a fheiceáil ag ceol ‘Three Little Birds’ anseo.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO