Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Ceannasaí Misin na hAstráile i nDún na nGall

07/07/20 Ceannasaí Misin na hAstráile ar cuairt go Dún na nGall

 

Official Welcome

Garry Martin Comhairle Contae Dhún na nGall, Séamus Mac Conghaola, Príomh-Fheidhmeannach, Comhairle Contae Dhún na nGall, Robert Owen-Jones Ceannasaí Misin, Cathaoirleach Clr Rena Mhic Dhonnchaidh, agus Leas-Chathaoirleach Clr Noel Jordan.

 

Thug Ceannasaí Misin na hAstráile Robert Owen-Jones a chéad chuairt réigiúnach lasmuigh d’Átha Cliath ar Dhún na nGall an tseachtain seo caite.  Le linn a chuairte, stad sé i mBun Dobhráin chun bualadh le roinnt daoine as a thír féin Julian Fermer, Adam Cross, agus Noah Lane ón Foam, Bun Dobhráin atá ag cur fúthu i nDún na nGall. Cuireadh fáilte chroíúil roimhe le bia de chuid na hAstráile agus le cairdeas na gConallach. 

 

Ina dhiaidh sin, tugadh cuairt ar an Leac Chuimhneacháin do Chailíní Dílleachta an Ghorta Mhóir ag Teach na mBocht i mBéal Átha Seanaidh.  Bhuail an tUas. Owen-Jones leis an staraí áitiúil Athony Begley a d’inis an scéal faoi na cailíní dílleachta a d’fhág Béal Átha Seanaidh le bheith á n-iompar go dtí An Astráil le linn an Ghorta Mhóir.  Leag an Ceannasaí Misin bláthfhleasc ag an leac chuimhneachán.

 

Ag taisteal ar aghaidh ansin go dtí Ionad Seirbhíse Poiblí Dhún na nGall, áit ar chuir An Cathaoirleach Clr. Rena Mhic Dhonnchaidh agus an Leas-Chathaoirleach Clr. Noel Jordan, i gcomhar leis an Phríomh-Fheidhmeannach Séamus Mac Conghaola agus Stiúrthóir Seirbhíse Garry Martin fáilte fhoirmeálta roimh an Cheannasaí Misin Robert Owen-Jones go Contae Dhún na nGall..

 

Chuir an Cathaoirleach an Ceannasaí Misin Robert Owen-Jones in aithne do bhaill tofa Cheantar Bardais Dhún na nGall.

 

Ballyshannon

Robert Owen–Jones Ceannasaí Misin na hAstráile, ag leagan bláthfhleisce ag an Leac Chuimhneacháin do Chailíní Dílleachta an Ghorta Mhóir i mBéal Átha Seanaidh chun cuimhne a dhéanamh ar an 19 gcailín dílleachta a cuireadh ar bord loinge go dtí an Astráil le linn an Ghorta Mhóir.

 

Thaisteal an Ceannasaí Misin ar aghaidh go hArd an Rátha lena chomhbhrón a dhéanamh le teaghlach Mary Ellen Molloy a bhí ag obair mar altra san Astráil nuair a maraíodh í go tragóideach i dtimpiste bhóthair i mí na Nollag.

 

Chuaigh sé ar aghaidh ansin go hÁrainn Mhór, in éineacht leis an Cheannasaí Forbartha Eacnamaíochta i gComhairle Contae Dhún na nGall, Anne Marie Conlon agus bhí deis aige amharc ar an dóigh ar féidir a bheith ag obair go cianda i nDún na nGall.

 

Sa tráthnóna thaistil an toscaireacht go Leitir Ceanainn go dtí Músaem an Chontae chun bualadh le tuilleadh saoránach de chuid na hAstráile atá ag cur fúthu i nDún na nGall anois.

 

Is go Fathain a thug sé a chuairt dheiridh, áit ar bhuail siad leis an Clr. Ailbeard Ó Dochartaigh, Cathaoirleach ar Cheantar Bardais Inis Eoghain, agus thug sé an grúpa chuig an olluaigh ag Eaglais Naomh Mura de chuid Eaglais na hÉireann, áit a bhfuil beirt mhairneálach adhlactha. Bhí siad ar bord an SS Laurentic a chuaigh go grinneall i Loch Súilí ar an 25 Eanáir 1917. Fágadh bláthfhleasc ina gcuimhne.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO