Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > CCB Daoine Níos Sine

Cruinniú Bhliantúil do Dhaoine Níos Sine

Cuireann guth na ndaoine níos sine go mór leis an chaighdeán saoil i nDún na nGall agus tá an Chomhairle le haghaidh Daoine Níos Sine ag tabhairt cuireadh do gach duine níos sine i nDún na nGall teacht chuig an Chruinniú Bhliantúil a bheas acu Dé Máirt 28 Eanáir 2020 in Óstán an Mount Errigal ar 12pm.

 

Tá Dún na nGall ar cheann de go leor contaetha in Éirinn a bhfuil Clár Aoisbháúil  acu. Tá an Clár Aoisbháúil Contae ag obair chun Éire a fhorbairt mar cheann de na háiteanna is fearr ar domhan le dul in aois ann. Tá sé de chuspóir ag an Chlár go mbeidh caighdeán maith saoil ag gach duine níos sine in Éirinn agus go mbeidh siad in ann a bheith páirteach go hiomlán ina gcuid pobal.

 

Bunaíodh an chéad Fheidhmeannas Comhairle do Dhaoine Níos Sine i mí Dheireadh Fómhair 2016. Is fostruchtúr é de chuid Chomhaontas Aoisbhá Dhún na nGall agus is é an príomhchuspóir atá aige ná cuidiú leis an Straitéis Aoisbhá a chur i bhfeidhm. Tá ballraíocht an fheidhmeannais déanta suas d’ionadaithe ar dhaoine níos sine agus de dhaoine a oibríonn le daoine níos sine i gceantracha éagsúla.

 

Tabharfaidh aoichainteoirí comhairle agus eolas ar an lá maidir le Titimí a Sheachaint agus Sláinte na gCnámh do dhaoine níos sine. Ina dhiaidh sin beidh plé oscailte ar an tábhacht a bhaineann leis an fheachtas i dtaca le bheith gníomhach le linn dul in aois “éirigh i do shuí, cuir ort do chuid éadaigh agus bí ag bogadh”.

 

Beidh deis iontach anseo le haghaidh Grúpaí do Dhaoine Níos Sine, Grúpaí Stocaireachta, An t-Aos Óg agus Daoine Níos Sine, Daoine Níos Sine atá Leochaileach, Daoine Aonaracha nó daoine a thugann guth do dhaoine níos sine i dtithe altranais nó seirbhísí do dhaoine níos sine i nDún na nGall.

Fá choinne tuilleadh eolais gabh i dteagmháil le Mairead Cranley nó Mairead Lynch @ 074 91 53900 nó trí ríomhphost chuig [email protected]  nó [email protected]

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO