Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Caith súil ar na leabharlanna

26/02/20 Caith súil níos géire ar Leabharlanna an chontae le linn Lá Oscailte Náisiúnta na Leabharlann, 29ú Feabhra

Library open day poster

 

Beidh Leabhlanna Dhún na nGall i measc leabharlanna eile ar fud na tíre a bheas ag glacadh páirt i Lá Oscailte Náisiúnta na Leabharlann ar an tSatharn seo, 29ú Febahra. Is í seo an chéad bhliain den ócaid seo a bheith ar siúl.

 

Bíonn ár leabharlanna ar oscailt beagnach gach lá ach tá cuireadh ag an phobal teacht agus cuairt a thabhairt ar na leabharlanna ar an tSatharn seo 29ú. Reáchtálfar imeachtaí i gcúig cinn dár leabharlanna idir 10 r.n. agus 2.30 i.n. ar an tSatharn, agus mar sin, is fiú go mór bualadh isteach chucu.

 

Leabharlann Phobail Bhun Cranncha

12.30 i.n. - 1.30 i.n.

Rang Trialach Ealaíne– Oiriúnach do pháistí 6-12 bl.

 

Leabharlann Phobail Bhun Dobhráin

12 i.n. ar aghaidh

Scéalaíocht do pháistí agus marla

Leabharlann Phobail Charn Domhnach

10 r.n.- 11r.n.

Rang Trialach Ealaíne– Oiriúnach do pháistí 6-12 bl.

Lárleabharlann agus Ionad Ealaíne

10 r.n. - 2.30 i.n.

 

•Scéalaíocht ag 12 i.n. agus déanfar taispeántais ar an phrintéir tríthoiseach agus an Tovertafel ina dhiaidh sin.

•Beidh cluichí boird agus pacáistí fáilte ar fáil do chuairteoirí fosta.

•Déanfar taispeántais ar tháibléid úra na leabharlainne fosta.

Leabharlann Phobail na Rosann

10 r.n. - 2.30 i.n.

Turais leabharlainne, pacáistí fáilte agus taispeántais ar tháibléid úra na Leabhlainne.

Leabharlann Phobail Bhaile na nGallóglach

10 r.n go 2.30 i.n

 

  • Déanfarn taispeántais ar tháibléid úra na leabharlainne fosta.

 

Mura raibh tú ar cuairt chuig do leabharlann áitiúil le tamall, buail isteach, b’fhéidir go gcuirfeadh sé iontas ort!

 

Is spásanna oscailte don phobal iad na leabharlanna a oireann d’achan aois ghrúpa agus a bhfuil réimse leathan ábhar le fáil iontu. Buail isteach chuig an leabharlann is gaire duit ar Lá Oscailte Náisiúnta na Leabharlann agus gheobhaidh tú blaiseadh de na cumainn, ranganna, taispeántais, gníomhaíochtaí agus rudaí eile nach hiad, a bhíonn ar siúl iontu.

 

Library Open Day Magic table

Tá tábla draíochta agus printéir tríthoiseach ag an Lárleabharlann agus déanfar iad a thaispeáint le linn Lá Oscailte Náisiúnta na Leabharlann.

 

Chomh maith leis sin, beidh foireann na leabharlainne ansin ar an lá agus míneoidh siad an dóigh a n-oibríonn ballríocht na leabharlainne. Is féidir leat suas le 12 milliún earra difriúil a fháil ar iasacht; roghnaigh boscra ó Netflix, déan ríomhleabhair, ríomh-chlosleabhair, ríomhirisleabhair agus ríomhnuachtáin a íoslódáil saor in aisce díreach chuig do ghléas, nó bain triail as ranganna teanga agus foghlama saor in aisce ar líne.

 

Mar sin, más rud é nach mbíonn tú ag baint úsáid rialta as an leabharlann nó fiú más úsáideoir rialta thú, tar ar an tSatharn, 29ú Feabhra agus caith súil níos géire ar an mhéid a chuireann Leabharlanna an chontae ar fáil!

 

Tá tuilleadh eolais maidir le Seirbhísí Leabharlainne Chontae Dhún na nGall ar fáil ag www.donegallibrary.ie ar Twitter @Donegallibrary agus ar Facebook @DonegalCountyLibrary

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO