Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Cainteanna leis an Dr Mary O'Kane

09/07/2020 Imeachtaí ar líne ar na bacáin leis an Dr Mary O’Kane

Mar chuid d’Éire na Sláinte i do Leabharlann tá lúcháir orainn i Seirbhís Leabharlainne Dhún na nGall a fhógairt go mbeidh an Dr. Mary O’Kane ag reáchtáil dhá chaint Dé Sathairn 11 ar an téama ‘Don’t be a Second Chicken’ agus Dé Sathairn 18 Iúil ar an téama ‘Raising Resilient Children’ ar 11am.  Beidh na cainteanna seo ar fáil ar leathanach Facebook Sheirbhísí Leabharlainne Dhún na nGall (@DonegalCountyLibrary).

 

 Is Léachtóir san Oideachas agus Síceolaíocht í an Dr Mary O’Kane. Cuireann sí píosaí ar fáil go minic ar Ireland AM agus ar raidió faoi cheisteanna a bhaineann leis an Tuismitheoireacht agus Oideachas.  Bhí imeachtaí aici i leabharlanna an Dá Bhaile agus Bhun Dobhráin in 2019 agus tá lúcháir orainn sa tSeirbhís Leabharlainne bheith ag obair léi arís.

 

Cuireann an Dr. O’Kane síos ar an dá chaint.  Sa chaint ‘Don’t be a Second Chicken’ pléifear an dóigh a n-amharcann páistí ortsa le haghaidh deimhnithe agus tacaíochta nuair a bhíonn imní orthu.  Is é an Síceolaí Cliniciúil Lawrence Cohen a cheap an smaoineamh ‘Being a Second Chicken’ agus é ag caint faoin dóigh a gcuireann tuismitheoirí le himní a gcuid páistí uaireanta, de thaisme.

 

 ‘Má fhreagraíonn muid d’imní an pháiste le himní tuismitheora is cosúil go gcuireann sin ina luí ar an pháiste nach áit shábháilte é an domhan, agus go bhfuil an ceart acu bheith scanraithe’.  San fhíseán seo, cuireann an Dr. Mary O’Kane síos ar smaoineamh an ‘Second Chicken’, agus conas is féidir linn freagairt don pháiste le comhbhá agus go muiníneach suaimhneach.

 

Cuirfidh an chaint faoi ‘Raising Resilient Children’ síos ar an dóigh arb ionann mianach duine agus an cumas chun teacht aniar ó dheacrachtaí an tsaoil, an chrógacht chun troid i gcoinne chora crua an tsaoil.  Tá tuismitheoirí ar na tionchair is tábhachtaí ar mhianach páistí.  Tá amanna ann nuair nach dtig linn tionchar a imirt ar an strus a bhfuil siad faoi, ach is féidir linn cuidiú leo scileanna a fhoghlaim chun dul i ngleic le dúshláin an tsaoil, seachas rith isteach lenár bpáistí a shábháil ón chruachás’.  San fhíseán seo, amharcann an Dr. Mary O’Kane ar na bealaí ar féidir linn cuidiú lenár bpáistí an láidreacht a fhorbairt chun na buillí ón saol a shárú iad féin.

 

Is clár náisiúnta i do Leabharlann é Éire na Sláinte, atá á mhaoiniú ag an Roinn Sláinte.   Tá breis agus 120 leabhar ag Leabharlanna i nDún na nGall a phléann leis na topaicí tábhachtacha bia sláintiúil, aclaíocht fhisiciúil agus meabhairlshláinte do dhaoine fásta agus páistí araon.  Chomh maith leis sin, tá ríomhleabhair ar fáil ag Seirbhís Leabharlainne Dhún na nGall agus bíonn imeachtaí sláinte ar siúl go rialta acu i leabharlanna.  Fá choinne tuilleadh eolais féach www.donegallibrary.ie

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO