Leacht Charraig na n-Éan, Bun Dobhráin
Beidh Bun Dobhráin, ceann de 28 baile nasctha atá mar chuid de Ghréasán Nascadh Bailte Douzelage na hEorpa chomh maith le naoi gcinn eile de bhailte nasctha á nglasú do Lá Fhéile Pádraig i mbliana. Tá seo mar chuid den Tionscnamh Glasú Domhanda atá á reáchtáil ag Turasóireacht Éireann.
Ba é Shane Smyth, Oifigeach Turasóireachta Bhun Dobhráin a mhol go mbeadh an gréasán bailte páirteach sa Tionscnamh Domhanda. Chuir sé an plean faoi bhráid na mbailte le linn a gcruinniú cinn bliana a bhí ar siúl san Fhionlainn anuraidh. Rinne ceithre bhaile de chuid an ghréasáin ‘glasú’ ar fhoirgneamh nó leacht agus beidh níos mó bailte ag tabhairt faoin dúshlán anois i mbliana.
‘Tá muid i gcónaí toilteanach nasc níos laidre a chruthú lenár mbailte nasctha tríd Douzelage agus tá lúcháir mhór orainn go bhfuil an oiread acu i ndiaidh teacht ar bord linn i mbliana agus go mbeidh foirgneamh nó leacht á ghlasú acu le ceiliúradh a dhéanamh ar Lá Saoire Náisiúnta ár dtíre. Tá roinnt sainchomharthaí suimiúla curtha chun tosaigh agus tá me ag dúil go mór le iad a fheiceáil nuair a bheas glasú déanta orthu.’
Cuireann Turasóireacht Éireann fáilte roimh an dúshlán le sainchomharthaí bailte Douzelage a ghlasú. Beidh na bailte sin chomh maith le sainchomharthaí cáiliúla ar nós Easanna Niagara, Túr Claonta Pisa, Burj Al Arab i Dubai, an Moulin Rouge i bPáras agus na céadta eile ar fud na cruinne, á gcur lena liosta Glasú Domhanda 2020. Dúirt Finola O’Mahony, Turasóireacht Éireann gur ‘dea-scéala amach is amach atá ann go mbeidh níos mó sainchomharthaí ar fud na hEorpa á nglasú mar chuid dá dTionscnamh Glasú Domhanda 2020. Fáiltíonn muid roimh bhailte nasctha Douzelage agus tá muid ag súil go mbeidh níos mó acu páirteach sa Tionscnamh sna blianta atá le teacht’.
Rachaidh an phoiblíocht a dhéanfaidh Turasóireacht Éireann, sé sin an scéal a scaipeadh i measc 20,000 teagmhálaí idirnáisiúnta ar na meáin, go mór chun tairbhe do Ghréasán Nascadh Bailte Dozelage na hEorpa. Meastar go bhfuil luach €10 milliún ar fhógraíocht an fheachtais Dhomhnada.
Seo a leanas na bailte a bheas á nglasú:
Stadtturm |
Judenburg |
An Ostair |
Músaem Puch |
Judenburg |
An Ostair |
Músaem Murtal |
Judenburg |
An Ostair |
Halla an Bhaile |
Niederanven |
Lucsamburg |
An Chearnóg faoi Chaisleán Škofja Loka |
Škofja Loka |
An tSlóivéin |
Gloriëtte |
Meerssen |
An Ísiltír |
Halla an Bhaile |
Altea |
An Spáinn |
Pfingstreiter |
Bad Kötzting |
An Ghearmáin |
Teach Pobail an Aingil Choimhdeachta |
Sušice |
Poblacht na Seice |
Ardscoil Apeitio |
Agros |
An Chipir |
Ståltheten Oxelösund |
Oxelösund |
An tSualainn |
Tá tuilleadh eolais faoi Nascadh Bailte Douzelage ar fáil ag www.douzelage.eu