Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Athnuachan Baile Sráidbhailte

10/06/20 An Scéim Athnuachana Baile agus Sráidbhaile 2020 agus CLÁR 2020

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag lorg Léirithe Spéise ón phobal, a bhfuil moltaí acu le haghaidh tionscadal a d’fhéadfaí a mhaoiniú tríd an Scéim Athnuachana Baile agus Sráidbhaile 2020 agus CLÁR 2020. Tá muid ar lorg tograí chun tacú le geilleagair thuaithe agus le pobail tuaithe i ndiaidh COVID, agus cuidiú le bailte tuaithe agus sráidbhailte tuaithe athruithe a dhéanamh ina modh oibre gnó, agus sa dóigh gur féidir le daoine teacht le chéile go sábháilte agus mar phobal.

Fáiltíonn Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, An Clr Nicholas Mac an Chrosáin, roimh an mhaoiniú seo atá fógartha, agus dúirt sé: ‘Tá ár gcuid bailte agus sráidbhailte ar fud Dhún na nGall i gcroílár gníomhaíocht gheilleagrach. Tá ár gcuid pobal i nDún na nGall ag obair níos cruaidhe ná mar a d’oibrigh siad riamh - tá na scéimeanna maoinithe seo ag teacht ag an am cheart agus fáiltímid rompu. Cuideoidh siad le coistí pobail agus le gnólachtaí dul i ngleic leis na dúshláin atá romhainn de bharr COVID-19, ag tacú le teacht aniar eacnamúil agus sóisialta sa Chontae.’

Úsáidfear an maoiniú atá ar fáil ón Scéim Athnuachana Baile agus Sráidbhaile agus CLÁR chun leanúint orainn ag tógáil ar na cuspóirí atá sa Phlean Áitiúil Eacnamaíochta agus Pobail (LECP), chun áit a chothú anseo le haghaidh daoine, áit a dtig le gnólachtaí agus an pobal tacú lena chéile, ag cur feabhas ar ár gcuid foirgneamh agus sráideanna, timpeallacht dheas a chruthú le teacht ar cuairt ann agus le cónaí ann, agus an líon daoine atá ag teacht chuig ár mbailte agus sráidbhailte a mhéadú.  Tá comhordú agus cur i bhfeidhm an dá scéim mhaoinithe seo mar chuid de réimse beart faoi Chlár Infheistíochta Forbartha Tuaithe na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail, atá á bhainistiú ag an Rannán Forbartha Pobail i gComhairle Contae Dhún na nGall.

Ghabh Liam Mac an Bhaird, an Stiúrthóir Forbartha Pobail, aitheantas agus buíochas leis an phobal, agus dúirt sé: ‘Le roinnt blianta anuas tá an Scéim Athnuachana Baile agus Sráidbhaile agus Clár i ndiaidh cuidiú le beocht a chur i mbailte agus i sráidbhailte ar fud an Chontae agus dul i ngleic leis an titim sa daonra. Go háirithe i mbliana, cuirfidh siad tacaíocht ar fáil a bhfuil géarghá leis, agus cuideoidh sé seo go pointe le cúrsaí eacnamaíochta agus sóisialta inár mbailte agus sráidbhailte a athnuachan i ndiaidh na ndúshlán a bhaineann le Covid-19.  De bharr muid bheith ag obair as lámh a chéile lenár gcuid pobal, is fearr ár gcumas mar údarás áitiúil athnuachan agus athbheochan a dhéanamh sna háiteanna sin ina bhfuil cónaí orainn, ina bhfuil muid ag obair, inár gcontae dúchais féin. Cuideoidh an maoiniú seo linn chun leanúint orainn ag obair gualainn ar ghualainn leis an phobal, agus ag tacú leo.’

Tá muid ag lorg Léirithe Spéise anois ón phobal, le haghaidh tograí i mbailte agus i sráidbhailte a bheas dírithe ar ghníomhaíochtaí is féidir;

 

  • dul i ngleic leis na dúshláin úra a bhaineann le COVID-19,
  • cuidiú le hathnuachan eacnamaíochta agus sóisialta inár mbailte agus inár sráidbhailte,
  • feabhas a chur ar na háiteanna ina bhfuil cónaí orainn agus ina bhfuil muid ag obair agus
  • tacú lenár mbailte agus lenár sráidbhailte agus pobail tuaithe

Is féidir mionsonraí maidir leis an Scéim Athnuachana Baile agus Sráidbhaile 2020 a fháil ar http://www.donegalcoco.ie/community/fundingforyourgroup/townvillagerenewal2020/

 

Is féidir mionsonraí maidir le CLÁR 2020 can be found a fháil ar http://www.donegalcoco.ie/community/fundingforyourgroup/clarfunding2020/

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO