Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > PRanna ó Iúil 2019 > Wainfest - Tús Maith

Tús maith leath na hoibre- Wainfest 2019

wainfest

Ag baint sult as Acadamh ‘Can-do’- Ceardlann bheochan Lego i Lárleabharlann Leitir Ceanainn Dé Sathairn mar chuid de Wainfest 2019. Grianghrafanna: Paul McGuckin.

 

Tá Wainfest 2019 faoi lán seoil agus tús iontach curtha le himeachtaí ar fud an chontae ag an deireadh seachtaine.

 

Bhain idir óg agus fásta sult as an réimse leathan imeachtaí a bhí ar siúl idir thaithí Harry Potter i bPáirc Ghort na Darach i Ráth Bhoth, scéalaíocht leis an Uasal Hullabaloo i Leabharlann Charn Domhnach, ‘Giant’s Gold’- ag déanamh dioscaí gréine le Lisa Fahy i Músaem Chontae Dhún na nGall agus Acadamh ‘Can do’- Ceardlann bheochan Lego i Lárleabharlann Leitir Ceanainn.

 

“Tá sé i gceist ag Wainfest ár bpáistí a spreagadh agus cead a thabhairt daofa bheith i ndomhan lán le samhlaíocht, scéalta, draíocht, stair agus oidhreacht agus chun iad a chothú le spéis a chur sa léitheoireacht,” a deir Donna Cavanagh ó Sheirbhísí Leabharlainne Dhún na nGall.

 

Wainfest Carnival

Radharcanna dochreidte ón Charnabhal Ag Teacht Abhaile a bhí mar chuid d’Fhéile Bhá Dhún na nGall agus na gCruach Gorm i mBéal Átha Seanaidh oíche Shathairn. Chuir an carnabhal clabhsúr leis an fhéile agus tús le Wainfest 2019. Grianghraf le Catriona Bonner.

 

Cuireadh tús breá bríomhar le Wainfest ar an Satharn 5ú Deireadh Fómhair agus beidh sé ar siúl go dtí’n 13ú. Tá clár iontach imeachtaí curtha le chéile d’óg agus fásta. Beidh idir imeachtaí ceardaíochta, céadfacha, scéalaíochta agus drámaíochta ar siúl. Is féidir le páistí dul ar bord na traenach agus ceangail a dhéanamh le Harry Potter nó a scíth a ligean agus scannán a choimhéad.

 

Beidh an draíodóir cáiliúil Jessica Harkin i mbun draíochta. Chomh maith leis sin, beidh ceardlanna beochan lego, scileanna sorcais, léirithe scannán, réaltacht fhíorúil san Iarsmalann, ceardlanna Youtube, ióga, léiriúcháin álainn drámaíochta, imeachtaí céadfacha agus réimse imeachtaí do leanaí agus tachráin ar siúl mar chuid den fhéile.

 

Wainfest Mr. Hullabaloo

Ag baint sult as am scéalaíochta Hullabaloo i Leabharlann Charn Domhnach Dé Sathairn mar chuid de Wainfest 2019.

 

 

“Tá réimse imeachtaí ar siúl do pháistí le hUathachas i gclár na bliana seo. Mar a tharlaíonn sé, tá 20% de na himeachtaí atá leagtha amach oiriúnach do pháistí le neamhord de chuid speictream an uathachais. A bhuíochas sin do Chiste na gCuntas Dímhaoin.

 

Is iad Seirbhís Leabharlainne Chomhairle Contae Dhún na nGall le tacaíocht ó pháirtithe ar nós Eclipse agus Century Cinemas, Páirc Ghort na Darach, Iarsmalann Maritime, Inis Eoghain agus Amharclann An Ghrianáin atá i mbun Wainfest 2019.

 

Le tuilleadh eolais a fháil ar imeachtaí Wainfest, téigh chuig www.wainfest.ie

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO