Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > PRanna ó Iúil 2019 > Togra Idirghlúine YOURS

Togra Idirghlúine YOURS Seolta

YOURS Project

An Comhairleoir Paul Canning, Cathaoirleach Chomhpháirtíocht Síochána Dhún na nGall ag seoladh Togra Idirghlúine YOURS go hoifigiúil i Músaem Chontae Dhún na nGall De Céadaoin. Ina theannta, tá Sharleen Tinney, Comhairle Contae Dhún na nGall, Charles Sweeney, Comhairle Contae Dhún na nGall agus rannpháirtithe an togra.

 

Sheol an Comhairleoir Paul Canning, Cathaoirleach Chomhpáirtíocht Síochána Dhún na nGall togra idirghlúine úr agus iontach i Músaem Chontae Dhún na nGall an tseachtain seo, togra a thabharfas sean agus óg an chontae le chéile le tabhairt faoi rémse leathan gníomhaíochtaí.

 

Is togra idirghlúine é an togra YOURS agus is í an aidhm atá aige ná sean agus óg a thabhairt le chéile chun níos mó tuigbheála agus measa a chothú idir glúnta. Tagann sé faoi choimirce Phlean Gníomhaíochta Síochána IV Dhún na nGall. 

 

Tacaíonn Clár Síochana IV na hEorpa leis an togra iontach seo agus tá bainistiú á dhéanamh ag FCSAE air. Tá cómhaoiniú curtha ar fáil don togra ag an Oifig Fheidmiúcháin i dTuaisceart Éireann agus ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail in Éirinn.

 

Ag labhairt dó ag seoladh na Céadaoine, dúirt an Comhairleoir Canning “Is togra iontach é seo agus ceann a thugann deis do shean agus óg teacht le chéile, aithne a fháil ar a chéile agus roinnt spraoi a bheith acu. Tá seans acu scéalta a roinnt lena chéile agus caidrimh bhuana láidre a fhorbairt a chuirfeas le leibhéil thuigbheála agus bhuíochais inár bpobail.”

 

Tá an togra seo maoinithe faoi Chlár Síochana IV atá bainistithe ag Comhlacht na gClár Speisialta AE agus curtha ar fáil trí Chomhpháirtíocht Shíochána IV Dhún na nGall.

 

Tá an togra YOURS curtha ar fáil ag Comhairle Contae Dhún na nGall agus tá gníomhaíochtaí faoi lán seoil cheana féin le himeachtaí “Siúl agus Smaoinigh” ar siúl i Ráth Bhoth agus i mBéal Átha Seanaidh, áit a mbuaileann grúpaí as an dá bhaile le chéile achan seachtain, siúlann agus pléann siad na rudaí a bhfuil aird acu orthu. Bunaíodh grúpa damhsa taitneamhach a thagann le chéile achan seachtain le taithí agus damhsaí a roinnt. I measc na n-imeachtaí eile atá beartaithe, tá tionscnamh sacair, ranganna roinnt scileanna agus clár ‘fir ghníomhacha’.

 

Léiríonn taighde go bhfuil cleachtas idirghlúine cuimsitheach agus go bhforbraíonn sé na hacmhainní dearfacha atá á n-ofráil ag sean agus óg dá chéile agus iad siúd atá thart orthu. Déanfaidh an togra seo forbairt ar thograí trasphobail roimhe seo agus tá sé leagtha amach le constaicí a shárú, athmhuintearas a chothú agus caidrimh úra a chruthú.

 

Ba cheart do dhuine ar bith a bhfuil suim acu páirt a ghlacadh sa togra seo nó tacaíocht a thabhairt dó teagmháil a dhéanamh le Comhairle Contae Dhún na nGall trí ríomhphost a chur ag [email protected]

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO