Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > PRanna ó Iúil 2019 > Seiminear Féinbháis

Seiminear ar an Fhéinbhás agus Féindochar

Connecting for Life Conference

‘Ceangal chun beatha’ seimineár chun féinbhás a chosc a bhí ar siúl in Óstán an Central i mBaile Dhún na nGall Dé hAoine an 4ú Deireadh Fómhair. Sa phictiúr tá Leas Chathaoirleach, an Comhairleoir Niamh Kennedy, Mairead Cranley, Comhairle Contae Dhún na nGall, Liam Ward, Comhairle Contae Dhún na nGall, Kieran Doherty, Fóram Alcóil, Anne Sheridan FSS, Teresa Mc Brearty, Shauna Hoey, Comhordaitheoir Chomhairle na nÓg Dhún na nGall, Aodan Mc Crudden, Comhairleoir Óg Dhún na nGall, Sean Meehan, Comhairleoir Óg Dhún na nGall, Grainne Mc Glynn, Comhairleoir Óg Dhún na nGall (Cathaoirleach) Robin Harvey Moulding Comhairleoir Óg Dhún na nGall, Paula Leonard Fóram Alcóil, Cora McAleer, FSS, an tOllamh Siobhan O’ Neill, Ollscoil Uladh agus Thomas Mc Cann, síciteiripeoir agus gníomhaí don lucht siúil.

 

Dhírigh ‘Ag Ceangail Chun Beatha’ na bliana seo, seimineár chun féinbhás a chosc, ar an cheangal atá idir alcól, féindochar agus féinbhás. Bhí sé ar siúl in Óstán an Central i mBaile Dhún na nGall Dé hAoine seo a chuaigh thart mar chuid den ‘Seachtain um Ionchuimsiú Sóisialta’.

 

Is í an aidhm atá ag an seimineár ná naisc agus dea-chleachtais a chothú maidir le féinbhás a chosc. Chuir an tOllamh Siobhan O’ Neill a cuid torthaí ó thaighde a rinne sí ar iompraíocht féinbháis agus alcóil ar fud oileán na hÉireann i láthair agus mhínigh sí na ceangail atá idir féinbhás agus úsáid alcóil agus tráma trasghlúine. Dhírigh sí ar an dóigh a mbaineann daoine úsáid as alcóil chun cuidiú leo tráma a shárú agus mar thoradh, bíonn tuilleadh tráma agus dúshláin le sárú, go háirithe ag páistí agus go bhfuil said i mbaol meabhairghalair agus féinbháis.

 

Creideann an tOllamh O’ Neill gur bhfuil gá leis an chomhrá seo. “Caithfidh comhrá  a bheith againn, mar shochaí, faoin úsáid a bhaineann muid as alcól agus an tionchar atá aige ar fhadhb an fhéinbháis agus fhéindochair, go háirithe i measc daoine óga”.    

 

Thug an síciteiripeoir agus gníomhaí don lucht siúil, Thomas Mc Cann le fios go bhfuil sé ar an eolas anois maidir leis na ceangail atá idir an tráma staire, an bhochtaineacht agus an leatrom a dhéantar ar an lucht siúil. Tá Thomas ina bhainisteoir ar Sheirbhís Chomhairleoireachta an lucht siúil le baill den lucht siúil le breis agus 10 mbliana.

 

 

“Bhain cuid acu úsáid as alcól agus drugaí chun cuidiú leo” a mhínigh Thomas, “is rud fiúntach é spás a réiteach chun comhrá agus seimineár a reáchtáil ar ábhar an alcóil, fhéindochair agus fhéinbháis. Tá sé ag ardú feasachta maidir leis na fadhbanna seo agus an dóigh le dul i ngleic leo. Is plé thar a bheith tábhactach é”.  

 

Dúirt Kieran Doherty, POF an Fhóraim Alcóil gur “ábhar deacair é. Déanann sochaí na hÉireann normalú ar alcól agus don chuid is mó, bíonn páirt mhór ag alcól ó thaobh saol sóisialta an duine de agus nuair atá a scíth a ligean acu; mar sin tá drogall orainn na míbhuntáistí a aithint; is é sin gur dúlagrán coitianta é an t-alcól, braitheann daoine air, úsáideann siad é chun cuidiú leo déileáil le cúrsaí an tsaoil nó ólann siad mar leigheas é”.

 

Léiríonn taighde go bhfuil baint ag alcól le leath na bhféinbhásanna agus eachtra amháin fhéindochair as gach triúr in Éirinn.

 

Ina haitheasc tosaigh, dúirt Leas Chathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, An Comhairleoir Niamh Kennedy gur ceist íogair atá san fhéinbhás agus go bhfuil dualgas orainn an comhrá a bheith againn.

 

“Tá ról againn uilig, mar pholaiteoirí, ghníomhaireachtaí, phobail agus mar dhaoine aonaracha. Mar shampla, caithfidh ár seirbhísí agus ár n-údaráis féin a bheith ullmhaithe le tacaíocht a chur ar fáil do dhaoine le fadhbanna meabhairghalair nó atá i gcruachás cé acu gur ár seirbhísí tithíochta, cuimsiú sóisialta, forbairt eacnamaíoch nó cruthú fostaíochta a bheadh i gceist.”

 

Le linn an tseimineáir, mhínigh an Méara Grainne Mc Glynn an obair atá á déanamh ag Comhairle na nÓg Dhún na nGall sa cheantar agus rinne Cora McAleer, Altranas Meabhairshláinte cur síos ar na seirbhísí agus tacaíochtaí atá ar fáil. Thug Teresa McBrearty léargas beacht ar a haistear féin agus ar an dóigh ar chuidigh an Clár Mpact léi a constaicí saoil a shárú. Bhí Liam Ward, Comhairle Contae Dhún na nGall mar fhear an tí agus chuir Anne Sheridan FSS clabhsúr leis an seimineár trí dheimhniú go dtabharfar aiseolas agus eolas ón seimineár san áireamh ag Grúpa Forfheidhmithe Pobail agus Seirbhísí.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO