Tá coiste 10K an Iarthuaiscirt ag glaoch den uair dheireanach ar charthanachtaí a mbeadh suim acu gnóthú as Rás Bóthair agus Siúlóid Charthanachta a bheas ar siúl ar an Domhnach 3ú Bealtaine 2020. Is é seo an 24ú bliain den rás a bheith ar siúl.
Ní ghlacfar le hiarratais i ndiaidh an Aoine seo, 1ú Samhain 2019. Deir Cathaoirleach 10K an Iarthuaiscirt, Neil Martin go bhfuil am ann go fóill ag carthanachtaí a mbeadh suim acu ann, a n-iarratais a sheoladh chuig Ann Condon, ag Lárionad Móire, Bóthar na Canálach, Leitir Ceanainn nó trí ríomhphost a chur chuig [email protected].
Tá rath mór ar an ócáid tiomsaithe airgid seo le 23 bliain anuas. Is deis iontach í do charthanachtaí le bheith páirteach in ócáid a thóg suas le €827,903 do 34 eagraíocht difriúil ó bhí 1997 ann.
Dúirt an tUasal Martin “Seo an glaoch deireanach ar charthanachtaí a suim a léiriú san ócáid seo. Tá obair chrua i gceist ach mar sin féin, is fiú go mór an luach saothair. Bhí trí charthanacht againn a roinn €51,000, sin €9,000 an ceann. Tá am ag carthanachtaí go fóill, go dtí’n Aoine bheag seo (1ú Samhain) a n-iarratais a sheoladh chugainn”.