Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > PRanna ó Iúil 2019 > Nualaíocht - Árainn Mhór

#Nuálaíocht Éireann: Oileán Árainn Mhór

Arranmore

 

Téigh ar thuras go hOileán Árainn Mhór amach ó chósta Thír Chonaill Dé Sathairn seo agus gheobhaidh tú taithí phearsanta ar an dóigh a bhfuil an t-Oileán i mbun nuálaíochta le fás a chur chun cinn agus todhchaí inbhuanaithe a chruthú do na glúnta atá le teacht. Beidh an ócáid ar siúl ar 5ú Deireadh Fómhair ó 12.30 i.n. – 3.30 i.n. Tá sí mar chuid den togra Nasc Dhún na nGall, atá dírithe ar Diaspóra chun iad a mhealladh chun an chontae.

 

Dúirt an t-urlabhraí Seamus Bonner gur mhaith le Comhairle Pobail Oileán Árainn Mhór tú cuairt a thabhairt ar mhol nua digiteach an oileáin. “Foghlaim faoin dóigh a n-úsáideann muid teicneolaíocht le postanna a chruthú ar an oileán agus lenár dtionscail thraidisiúnta a dhéanamh inbhuanaithe. Tá muid ag súil le cloisteáil ó pháirtithe eile a bhfuil an rud céanna ar bun acu nó atá ag smaoineamh faoina bpobal a fhorbairt mar áit bhríomhar le cónaí agus oibriú ann.”

 

Le linn na ceardlainne neamhfhoirmeálta, foghlaimeoidh cainteoirí faoi chumann ríomhchláraithe an oileáin, Coderdojo Árainn Mhór. B’iad Oileán Árainn Mhór a chuir tús leis san Iarthuaiscirt. Is gluaiseacht domhanda do chumann códúcháin do pháistí atá i gCoderdojo a thoisigh in Éirinn sa bhliain 2011. Tá an cumann ag teagasc scileanna digiteacha do pháistí an cheantair agus tá sé i ndiaidh saineolaithe teicniúla as Cathair Londan a mhealladh mar aoichainteoirí. Is comhordaitheoir an chumainn é Seamus agus beidh deis agat taithí na bpáistí atá páirteach ann a chloisteáil ar an lá fosta.

 

Cuirfear ar an eolas thú maidir le mol iontach ríomhfhoghlama atá ar Árainn Mhór. Tá meánscoil an oileáin páirteach sa togra náisiúnta seo a ofrálann ranganna fíorúla don scoil ar nós Fisic, ábhar nach mbeadh ar fáil ach gurb é, a deir Seamus.

 

“Maram go bhfuil cur amach agaibh ón teilifís nó raidió ar ár dtogra mol digiteach i gcomhar le Three, is é sin comhcheangailteacht trasoileáin. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi MODAM, an chéad spás oibre roinnte atá digiteach agus amach ó chósta na hÉireann. Is ansin a bheas an cheardlann.”

 

Leanann Seamus ar aghaidh ag labhairt faoi Oifigí Cianoibrithe fíorúla. “Tá cáil domhanda ag  teacht ar an oileán anois mar gheall ar a nuálaíocht theicniúil agus a áilleacht. Tá go leor daoine i ndiaidh suim a leiríú ann mar áit oibre chomh maith le ghnólachtaí a bheadh toilteanach oifigí a bhunú ann de bharr.”

 

 

 

Deir Seamus go mbeidh an deis ann ceisteanna a chur agus do thuras timpeall an oileáin. Tá na sonraí maidir le Bád Farantóireachta Árainn Mhór le fáil anseo agus ar https://arranmoreferry.com . Is ócáid shaor in aisce í ach caithfear áit a chur in áirithe roimh ré. Is féidir d’áit a chur in áirithe anseo.

Seol ceisteanna ar bith chuig: [email protected].

 

Is é an rud atá i gceist le Nasc Dhún na nGall ná daoine de bhunadh Dhún na nGall nó a bhfuil nasc acu leis an chontae a mhealladh chun cuairt, cónaí, oibriú, infheistiú, nó gnó a reáchtáil anseo chun go dtiocfaidh borradh ar thurasóireacht agus ar dheiseanna gnó an chontae. Táthar ag cur cumas, blas agus nuálaíocht an chontae os comhair an phobail trí níos mó ná 60 imeacht a reáchtáil thar thréimhse 10 lá, ó 27ú Meán Fómhair go 6ú Deireadh Fómhair 2019.

 

Is togra de chuid Chomhairle Contae Dhún na nGall i gcomhar le hOifig Fiontair Áitiúil Dhún na nGall, Diaspóra Dhún na nGall, Turasóireacht Dhún na nGall, Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn, Údarás na Gaeltachta, ÚFT Éireann, Cósta Bia Dhún na nGall, Pramerica, Cúram Diaibéitis Abbots, Randox agus Éireannaigh an Domhain Dhún na nGall é Nasc Dhún na nGall. Tá páirt de Nasc Dhún Na nGall maoinithe ag Fáilte Éireann faoi shraith Fhéile Éireannaigh an Domhain.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO