Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > PRanna ó Iúil 2019 > Craoladh Tip Ó Néill

Tiúnáil isteach le haghaidh craoladh beo ar Ócáid Bhronnta Ghradam Tip Uí Néill

Tip

 

Déanfar Mór-Ócáid Bhronnta Ghradaim Tip Uí Néill a chraoladh beo don chéad uair Dé hAoine 27 Meán Fómhair ar 7.30pm ar shuíomh idirlín Chomhairle Contae Dhún na nGall agus creideann an Clr Nicholas Crossan, Cathaoirleacht ar Chomhairle Contae Dhún na nGall agus Cathaoirleach ar Choiste Gradaim Diaspóra Tip Uí Néill, go n-osclóidh an craoladh beo seo an ócáid do lucht féachana níos leithne ar fud na cruinne.

 

“Tá lúcháir orainn a bheith ag déanamh craoladh beo ar Ócáid Bhronnta Ghradaim Tip Uí Néill an Diaspóra Éireannaigh ó Óstán an Inishowen Gateway i mBun Cranncha, rud a chuideoidh linn an ócáid an-speisialta seo a thabhairt chuig lucht féachana níos leithne” a dúirt an Clr. Crossan. 

 

“Ciallaíonn sé seo go mbeidh cairde agus daoine muinteartha na mbuaiteoirí, nach féidir leo taisteal go Dún na nGall don ócáid, go mbeidh siad in ann na buaiteoirí a fheiceáil nuair a bheas an onóir á bronnadh orthu as a gcuid éachtaí agus go háirithe as a gcuid tacaíochta don diaspóra.

 

“Ciallaíonn sé go maith go mbeidh daoine as Dún na nGall, agus iad siúd ar fud an domhain a bhfuil grá acu do Dhún na nGall, in ann tiúnáil isteach le haghaidh oíche a dhéanann ceiliúradh agus cuimhneamh ar Tip Ó Néill, duine de na daoine is mó cáil de chuid an chontae seo.”

 

Seo a leanas an ceathrar daoine uaisle ón diaspóra a bhfuiltear le hómós a thabhairt dóibh ag ócáid bhronnta na bliana seo; an t-údar agus drámadóir Frank cGuinness; fear gnó lonnaithe i mBaile Átha Cliath Pat Doherty; Aturnae sna Stáit Aontaithe Patrick C. Dunican Jr, agus; fear gnó sna Stáit Aontaithe Daniel J. Hilferty.   Ar an Déardaoin 26 Meán Fómhair, beidh gach gradamóir ag cur síos ar a saol ag ócáid speisialta leis an Ollamh Paul Moore ag Ollscoil Uladh, Campas Mhig Aoidh.  

 

Óstáladh Gradaim Tip Uí Néill an Diaspóra Éireannaigh don chéad uair in 2012 chun comóradh a dhéanamh ar 100 bliain ó rugadh Tip Ó Néill, arbh as Inis Eoghain i gContae Dhún na nGall a sheantuismitheoirí ar thaobh a mháthar, agus tá na gradaim anois ag croílár na hoibre atá ar siúl ag tionscnamh an Diaspóra agus é ag leathnú amach ar fud an domhain chucu siúd ar fad a bhfuil nasc acu le Dún na nGall.

 

Míníonn Garry Martin, An Stiúrthóir um Forbairt Eacnamaíochta le Comhairle Contae Dhún na nGall “go gcuirfidh na Gradaim Tip Uí Néill an Diaspóra Éireannaigh tús i mbliana le ceiliúradh spreagúil 10 lá maidir le gach gné de shaol Dhún na nGall tríd an tionsnamh úr Nasc Dhún na nGall.  Beidh na himeachtaí seo ag taispeáint gur áit iontach é Dún na nGall le cuairt a thabhairt air, le cónaí a dhéanamh ann, le hoibriú ann, agus le hinfheistíocht a dhéanamh ann.”

 

Fá choinne tuilleadh eolais ar dheireadh seachtaine Ghradaim Tip Uí Néill, ar a n-áirítear Comórtas Gailf Tip Uí Néill Dé Sathairn 28 Meán Fómhair ag Galfchúra Bhaile Lifín, agus ar an chlár mór imeachtaí atá ar siúl ag Nasc Dhún na nGall, féach ar www.donegalconnect.com

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO