Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > PRanna ó Iúil 2019 > Cinn Scríbe Bia 2019

Dhá thionscnamh bia as Dún na nGall sna babhtaí ceannais i dtaca le Cinn Scríbe Bia 2019

Tá dhá thionscnamh as Dún na nGall ainmnithe sna babhtaí ceannais le haghaidh Ceann Scríbe Bia 2019 de chuid Cumann Bialann na hÉireann. Rinne Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, An Clr. Nicholas Crossan, comhghairdeas leis an dá thionscnamh inniu agus dúirt sé: “Is léiriú iontach é seo ar chaighdeán na hearnála bia i nDún na nGall agus is éacht ollmhór é don chontae dhá thionscnamh áit a bhaint amach sna babhtaí ceannais. Tá Dún na nGall ag dul chun tosaigh go cinnte mar cheann de na cinn scríbe is fearr in Éirinn le haghaidh bia.”

 

Is iad Cósta Bia Dhún na nGall agus Baile Dhún na nGall an bheirt atá i ndiaidh dul fríd chuig babhta ceannais Chinn Scríbe Bia, a bhfuil sé mar aidhm aige an ceann scríbe bia is fearr in Éirinn a aimsiú. Déanann sé ceiliúradh ar na bianna ar leith atá ar fáil in Éirinn agus spreagann sé tionscnaimh turasóireachta áitiúl bia ar fud na tíre.  

 

Is féidir leis an phobal vótáil don tionscnamh is fearr leo féin i mbabhta ceannais 2019 ag www.foodiedestinations.ie ón mheánlae Dé Céadaoin 24 Iúil go dtí meánlae Dé Máirt 20 Lúnasa, agus is fiú 30% de na marcanna iomlána é seo.

 

Tionscnamh Bia Maith de chuid Chósta Bia Dhún na nGall

 

Food Coast Donegal 379 x 269

Tionscnamh Chósta Bia Dhún na nGall, atá gearrliostaithe i mbabhta ceannais Cheann Scríbe Bia 2019

 

Is í Oifig Fiontair Áitiúil Dhún na nGall a d’fhorbair Cósta Bia Dhún na nGall mar Thionscnamh Bia Maith chun tacú le forbairt, fás agus caighdeán na hearnála bia i nDún na nGall, agus dar le Mícheál Tunney ón Oifig Fiontair Áitiúil, “taobh istigh d’am gairid, tá sé ina ardán lárnach chun Dún na nGall a bhunú mar ‘Contae Bia’, áit ina bhfuil cultúr bríomhar bia agus geilleagar bia, agus is rud é sin a bhfuil súil againn tógáil air agus a leathnú amach”.

 

Agus dúirt sé fosta: “ó seoladh Straitéis Bhia Dhún na nGall in 2012, d’oibrigh Cósta Bia Dhún na nGall i gcomhpháirt le gairmithe san earnáil bhia a chuir suim sa tionscnamh chun lucht táirgthe bia sa chontae a fhorbairt, agus cuireann sé rogha níos leithne de chomhábhair áitiúla ar fáil do chócairí agus do bhialanna.   

 

Creideann Mícheál Tunney go bhfuil ‘muinín úr le brath san earnáil bhia go háitiúil, agus le dul chun cinn Shlí an Atlantaigh Fhiáin tá níos mó daoine ag amharc i dtreo Dhún na nGall mar áit úr le seal a gcuarta a dhéanamh ann”.

 

Baile Dhún na nGall

Donegal Town  379 x 269

Baile Dhún na nGall gearrliostaithe i mbabhta ceannais Chinn Scríbe Bia 2019

 

Tá gliondar agus lúcháir ar Mhary McGettigan ó Chomhlachas Tráchtála Bhaile Dhún na nGall go bhfuil an baile sin i ndiaidh áit a bhaint amach ar an ghearrliosta, agus dúirt sí: “tá muid iontach tógtha faoin scéala seo agus tá muid ag tnúth go mór leis an chéad chéim eile, fáilte a chur roimh na moltóirí go Baile Dhún na nGall sna seachtainí amach romhainn.”

           

“Tá ár gcuid óstán, bialann agus gnólachtaí bia ag déanamh sárobair chun cuairteoirí a mhealladh chuig an cheantar. I measc na nithe a choinníonn Baile na nGall i lár an aonaigh i dtaca le cúrsaí bia tá na hardchaighdeáin, na táirgí áitiúla, agus eolas ar mhianta na gcuairteoirí agus ar an mhianta an phobail áitiúil. Áit mhaith do theaghlaigh í fosta Baile Dhún na nGall, agus tá seirbhís ar leith ar fáil anseo do theaghlaigh atá ar saoire sa cheantar chomh maith le grúpaí móra turasóireachta ar cuairt sna hóstáin.”

 

Creideann Mary McGettigan gur éacht atá déanta don chontae go bhfuil Baile Dhún na nGall agus an Cósta Bia araon i ndiaidh na babhtaí ceannais a bhaint amach agus dúirt sí: “taispeánann sé an choimitmint a chuirtear, ag leibhéal an chontae agus ag an leibhéal áitiúil, ar an tábhacht a bhaineann lena chinntiú go bhfuil an táirge bia anseo i nDún na nGall aitheanta mar Cheann Scríbe Bia mór-le-rá, agus go ndéanaimid uilig ár seacht ndícheall leis na táirgí bia anseo a dhéanamh chomh maith agus is féidir le haghaidh cuairteoirí agus le haghaidh an phobail áitiúil araon”.

 

 

CRÍOCH

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO