Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > PRanna ó Iúil 2019 > Bia Bhun Dobhráin

23/09/19 Rath mór ar Fhéile Bhia agus Dí Bhun Dobhráin

Bia Bundoran BMD

 

Shane Smyth ó Discover Bundoran, David Leonard ó Fháilte Éireann, an Cócaire Brian McDermott ó Óstán an Fheabhail agus Brendan O’ Reilly ó Chomhlacht Grúdaireachta Dhún na nGall ag an seoladh De hAoine.

 

 

Bhí rath mór ar Fhéile Bhia agus Dí Bhun Dobhráin ag an deireadh seachtaine, dar le lucht eagraithe agus iad siúd a d’fhreastail ar an fhéile. Ba í seo an chéad bhliain den fhéile bheith ar siúl.

 

 

Tháinig níos mó ná 25 soláthraí áitiúil bia, chomh maith le bialanna caiféanna agus soláthraithe le chéile i rith an deireadh seachtaine, le réimse leathan bia agus deoch atá ar fáil sa bhaile a chuir os comhair an phobail. Rinne Discover Bundoran bolscaireacht ar an mhéid seo.

 

Bhí béim mhór curtha ar an Fhéile, a bhí mar chuid de thogra Fháilte Éireann ‘Taste The Island’ agus ghlac réimse daoine ar nós an tÚdarás Náisiúnta Turasóireachta, bia- iriseoirí agus blagálaithe le cois cócairí mór le rá cosúil le Neven Maguire, Gary O’Hanlon, Derry Clarke agus cócaire Dhún na nGall Brian McDermott go mór leis an fhéile. Ba é Brian McDermott a d’oscail an fhéile go hoifigiúil ag searmanas a bhí ar siúl i dteach tábhairne Dhroichead Mhadden oíche Aoine (20ú Meán Fómhair).

 

Bia bundoran food tour

Iad siúd a ghlac páirt i dturas ‘Food & Foto’ leis an treoraí Megan Gallagher.

 

 

Dúirt ball den lucht eagraithe, Shane Smyth, Oifigeach Turasóireachta Bhun Dobhráin, go raibh siad thar a bheith sásta leis an deireadh seachtaine. “B’in an chéad bhliain dúinn a leithéid d’fhéile a eagrú agus bhí sé de rún againn toiseacht amach go beag agus é a fháil i gceart. Tá muid fíorbhuíoch do na soláthraithe áitiúla ar fad a thug tacaíocht don smaoineamh ón chéad lá agus a chomhoibrigh linn. Is cinnte nach n-éireodh go maith leis an fhéile ach gurb iad. Tá buíochas mór tuillte ag Brendan agus Patrick ó Chomhlacht Grúdaireachta Dhún na nGall a chuir an deoch leanna ‘Rougey Pale’ ar fáil dúinn mar chuid den fhéile.”

 

Chuir imeachtaí ar nós taenna beaga, blaiseadh jin, blaiseadh fíona, cainteanna ar ghlasraí a fhástar sa bhaile agus turas Food & Foto go mór le rath an deireadh seachtaine chomh maith le tairiscintí speisialta den chéad scoth ó pháirtithe trádála ar fud an bhaile.

 

Bia Bundoran promoters

Bolscairí bia Dhún na nGall cruinnithe le chéile do sheoladh Bhia Bhun Dobhráin

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO