Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > PRanna ó Iúil 2019 > Aimsir agus Griotáil

Coinnigh suas chun dáta ar staid na mbóithre agus cúrsaí griotála

Gripping Map

 

Tá monatóireacht á déanamh ag Comhairle Contae Dhún na nGall ar chúrsaí aimsire don gheimhreadh atá amach romhainn 2019/2020. Cuirfear an t-eolas is déanaí maidir le cúrsaí griotála in airde ar na meáin shóisialta gach lá ar chuntas @DCCRoads agus @DonegalCouncil (Twitter) agus @donegalcoco (Facebook).

 

Is féidir le tiománaithe agus iad siúd a úsáideann na bóithre a bheith curtha ar an eolas maidir leis na slite atá le griotáil agus cúrsaí aimsire trí chlárú d’ fholáireamh gútháin saor in aisce ar www.mapalerter.com/donegal.

 

Is féidir Léarscáil Ghriotála Gheimhridh Dhún na nGall a sheiceáil fosta. Is léarscáil idirghníomhach í atá ar fáil ar www.donegalcoco.ie. Tá an léarscáil ceangailte le meáin shóisialta na Comhairle agus cuireann sí eolas maidir le slite atá le griotáil an oíche sin agus fad na slite sin ar fáil, le cois fotha réamhaisnéise do chóir a bheith achan cheantar sa chontae gach uair an chloig. Déantar é seo sa dóigh is go dtig súil a choinneáil ar chúrsaí aimsire i do cheantar féin go ceann 12-24 uair. Taispeánann sé láithreacha ina bhfuil gaineamh agus greanchloch ar fáil don phobal fosta.

 

Tá staid bheo na mbóithre ag láithreacha éagsúla ar fud an chontae agus an Iarthuiscirt le feiceáil ar shuíomh na Comhairle. Ina measc tá an N56 Gaoth Dobhair, N15 Bun Dobhráin, N15 Loch Moirne, N15 Cúil na gCuirridín, N13 An Grianán Ailigh, N56 Ard an Rátha, A37 Sliabh Chúil Raithin, A515 Droichead Fhaille agus A6 Bealach Ghleann Sheáin.

 

Rinneadh forbairt ar na hacmhainní seo le blianta beaga anuas. Is í an sprioc atá ann ná an t-eolas riachtanach a chur ar fáil do thiománaithe agus iad siúd a úsáideann na bóithre le tiomáint shábháilte a chothú le linn míonna an gheimhridh.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO