Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Wainfest 2017

Wainfest 2017 “Scaoil Amach an Draíocht”

Wainfest

 

 

Is é ‘Scaoil Amach an Draíocht’ téama na bliana seo le haghaidh na féile Wainfest, téama a bhfuarthas ionsparáid fána choinne ó cheiliúradh 20 bliain de Harry Potter agus 350 bliain ó rugadh Jonathan Swifte (Gulliver’s Travels). San fhéile seo, déantar ceiliúradh ar an chruthaitheacht agus ar dhul i bhfeidhm ar shamhlaíocht na bpáistí.

 

 

Rannóg Seirbhísí Cultúrtha Chomhairle Contae Dhún na nGall atá a reáchtálann an fhéile, a bheas ar siúl sa tseachtain idir an 7-15 Deireadh Fómhair i mbliana. Is féile náisiúnta ealaíne agus leabhar í seo atá dírithe ar pháistí idir 4 agus 12 bhliain d’aois. Bíonn scoileanna agus teagascóirí baile páirteach sna himeachtaí le blaiseadh a thabhairt do pháistí ar shaol an ghrinn, scéalaíocht ardfhuinniúil agus imeachtaí eolaíochta agus staire.

  

Agus ní uaireanta scoile amháin atá i gceist. Spreagtar páistí le teacht chuig imeachtaí lena dteaghlaigh chomh maith.

 

Wainfest 2 

 

Thosaigh an fhéile 21 bliain ó shin in 1996 agus tá sí dulta ó neart go neart gach bliain ó shin i leith, agus is amhlaidh an scéal i mbliana.

 

 

Tá E&I Engineering i mBun na hAbhann ag déanamh urraíochta ar imeachtaí na bliana seo agus tá fáilte roimh ghnólacht ar bith eile ar mhaith leo tacaíocht a thabhairt.  

 

Tá Wainfest ag dul i gcomhpháirt le pictiúrlanna ar fud an chontae arís in 2017 agus tá comhpháirtíochtaí eile beartaithe sna míonna amach romhainn, agus táthar ag súil go mbeidh féile dhraíochtúil den chéad scoth ar fáil d’achan duine a bheas páirteach ann.  

 

Dá mba mhaith leat an nuacht is déanaí a leanúint agus tuilleadh eolais a fháil faoi Wainfest, nó fiú urraíocht a dhéanamh, gabh chuig www.wainfest.ie nó seoladh ríomhphost chuig [email protected] .

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO