Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Turas Trádála go Philadelphia

Turas Trádála Iarthuaisceart Éireann go Philadelphia

Philadelphia

 

 

D’éirigh go maith le misean trádála de chuid Iarthuaisceart Éireann go Philadelphia ar na mallaibh, ar é mar chuspóir forbairt a dhéanamh ar na teagmhálacha a rinneadh le linn cuairte ar an chathair i mí na Samhna anuraidh.

 

I measc na ndaoine a bhí ar an toscaireacht, a raibh An Clr Séamus Ó Domhnaill Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall agus An Clr John Boyle, Méara Chomhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin, i gcomhcheannas uirthi, bhí na Príomh-Fheidhmeannaigh agus oifigigh shinsearacha ón dá chomhairle chomh maith le cúig ghnólacht ó réigiún an Iarthuaiscirt a raibh fonn orthu na deiseanna gnó agus gréasánaithe a d’fhéadfadh a bheith ann, i dtaca le hiontráil isteach i margadh na Stát Aontaithe, a scrúdú agus a fhiosrú.

 

Bhí James Doherty, ó Shliabh Liag Distillery Ltd, ar cheann de na cúig ghnólacht a ghlac páirt agus ba é a bharúil go raibh an misean trádála iontach tairbhiúil agus dúirt sé gur chuidigh an obair ullmhúcháin roimh ré lena ghnólacht féin sa mhéid is go raibh an lucht eagraithe in ann eolas maith a chur ar na riachtanais a bhí uaimse ón mhisean agus shocraigh siad cruinnithe leis na hionadaithe cuí ón Liquour Board, chomh maith le drioglanna eile sa réigiún agus infheisteoirí a bhféadfadh suim a bheith acu.  “Domsa, mar sin, bhí sprioc leis an mhisean, agus bhí sé éifeachtach agus tairbhiúil.”

 

Le linn na dtrí lá den mhisean, bhí cruinniú ag an toscaireacht le Select Greater Philadelphia - eagraíocht chumhachtach a sholáthraíonn réimse seirbhísí le gnó a mhealladh chuig mór-réigiún Philidelphia - Comhairle Chathair Philidelphia, Roinn Tráchtála Chathair Philadelphia, Contae Montgomery, Biúró NI, Comhairle Forbartha Eacnamaíochta Chester agus Ionad Inimirce Éireannach Greater Philadelphia. 

 

Bhuail an toscaireacht fosta leis an Fheisire Brendan Boyle, a bhfuil ceangal láidir teaghlaigh aige le hIardheisceart Dhún na nGall, agus a d’óstáil béile misean trádála ag a raibh páirtithe leasmhara ón earnáil ghnó, pholaitiúil agus eacnamaíochta.   D’fhreastal an toscaireacht ar bhricfeasta do Cheannairí Gnó a reáchtáil Joe Callahan, Bunaitheoir/Cathaoirleach ar Ciright Systems Inc., agus d’óstáil siad Ócáid Teagmhála Diaspóra le haghaidh bhaill de Chumainn Dhoire, Dhún na nGall agus Thír Eoghain i gceantar an Greater Philadelphia.

 

Agus é ag caint i ndiaidh dó pilleadh is é a dúirt an Clr. Séamus Ó Domhnaill ná gurb é “is cuspóir leis an mhisean trádála seo ná tógáil ar na teagmhálacha a rinneadh i Philadelphia i mí na Samhna seo caite agus ceangal a dhéanamh le ceannairí polaitiúla, lucht gnó agus an diaspóra.   Chas muid le páirtithe leasmhara éagsúla agus chuir muid cás Iarthuaisceart Éireann chun cinn agus cad chuige ar fearr an réigiún seo le haghaidh ceann scríbe gnó agus infheistíochta ag comhlachtaí sna Stáit Aontaithe atá ag leathnú amach i margaí SAM agus an AE.”

 

Seo mar a labhair an Clr. John Boyle, “creidimid go dáiríre go bhfuil an teagmháil leanúnach dhearfach seo againne leis na Stáit Aontaithe mar chuid dár straitéis fhadtéarmach agus dár dtiomantas fadtéarmach caidrimh agus naisc a fhorbairt amach anseo a chuideoidh linn infheistíocht a mhealladh, naisc thrádála a fhorbairt a chuirfidh le líon na dturasóirí, poist a chruthú agus airgead a infheistiú.  Go dtí seo, d’éirigh linn go dtí pointe agus tá muid muiníneach go mbeidh tuilleadh buntáistí don réigiún ar fad ag éirí as ár gcomhiarrachtaí leanúnacha.”

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO