Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Tuilte agus Drochaimsir

An scéala is déanaí fá choinníollacha bóthair i ndiaidh fearthainn throm

 

 

Tharla tuilte go forleathan ar fud Thuaisceart Dhún na nGall aréir de bharr fearthainn an-trom ar fad.

 

Is in Inis Eoghain a tharla an dochar ba mhó, agus druideadh roinnt bóithre agus fágadh roinnt foirgneamh faoi uisce.

 

Stad an fhearthainn le linn na hoíche agus ó shin i leith bhí oifigigh de chuid na Comhairle ag bailiú eolais faoin damáiste a rinneadh.

 

Tá dhá dhroichead scriosta agus scuabtha chun siúil ar an dá thaobh de Rinn Uí Choigligh ar an R238 agus an R240.

 

Tá Droichead Chnoc an Choiligh (R238 ar an taobh thuaidh de Bhun Cranncha) druidte, chomh maith leis an bhóthar áitiúil ó Dhroim Fraoigh (Teach Óil an North Pole) go Cluain Maine, ach táthar ag súil go mbeidh an dá bhóthar seo ar oscailt arís go gairid i ndiaidh roinnt oibreacha glantacháin.

 

Tá oifigigh de chuid na Comhairle ag obair le lána amháin a dheisiú agus a oscailt ar an R238 idir Rinn Uí Choigligh agus Magh agus táthar ag súil go n-athosclófar an bóthar seo le soilse tráchta. Tá malairt slí ghairid i bhfeidhm faoi láthair.  Níl an mhalairt slí seo fóirsteanach do HGVanna ná do chuid mhór tráchta, agus dá bhrí sin iarrtar ar thiománaithe atá ag dul go tuaisceart Inis Eoghain taisteal fríd Bhun Cranncha go dtí go gcluinfear a mhalairt.

 

Beidh gá le droichead nuair ar an R240 idir Rinn Uí Choigligh agus Carn Domhnach, ag Teach Óil an Riverside, agus is dócha go bhfanóchaidh sé sin druidte go ceann roinnt seachtainí ar a laghad.

 

Tá tuairiscí ag teacht isteach fosta fá dhroichead atá i ndiaidh titim ar an R244 idir Carn Domhnach agus Droim Fraoigh thart fá 3 mhíle ó Charn Domhnach. Beidh tuairiscí eile ina dhiaidh seo.

 

 Táimid ag iarraidh ar an phobal a bheith an-chúramach nuair a bhítear amuigh inniu, agus má tá cuidiú de dhíth ar éinne, lóistín éigeandála san áireamh, ba chóir dóibh dul i dteagmháil leis an Chomhairle ar: 074 91 53900 nó  taobh amuigh d’uaireanta oifige ar 074 91 72399. 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO