Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Troll Inc - Turas Trádála

Troll Inc - Dóchas go ndéanfar dul chun cinn i SAM

Troll Inc

Jim Murry, Príomh-Fheidhmeannach le Troll Inc

 

Tá stiúideo físchluichí i nDoire darb ainm Troll Inc i measc cúig cinn déag de chomhlachtaí a bheas ag léiriú ‘fiontraíocht agus cruthaitheacht’ an Iarthuaiscirt nuair a rachaidh siad go Boston Massachusetts i lár mhí na Samhna mar chuid den chomhoibriú idir na Comhairlí i nDoire/An Srath Bán agus Dún na nGall.

 

Tá an turas mar chuid de straitéis an réigiúin infheistíocht isteach a chur chun cinn, agus deiseanna easportála a sholáthar do ghnólachtaí áitiúla.

 

Is é atá in Troll Inc stiúideo indie Éireannach a dhíríonn ar chluichí agus aipeanna spraíúla a fhorbairt do thaibléid agus do ghléasanna soghluaiste, chomh maith le consóil agus ríomhairí.

 

Roinnt daoine a bhain céim amach i bhforbairt cluichí a bhunaigh an comhlacht in 2010, agus tá táirgí eisithe acu ar go leor margaí, ina measc iOS, Android, Windows Store, Aipeanna Samsung, Amazon agus Facebook. Tá neart gradam bronnta orthu, mar shampla an Ghnólacht Is Fearr  i gCoitinne ag na Gradaim Gnó ‘Fast Forward’.

I measc na gcluichí atá eisithe ag an chomhlacht tá an Seagull Swipe, Star Troll, Jellyflug agus Graffiti Grinder.

 

Agus é ag caint roimh an turas trádála go Bostún, dúirt Jim Murray, Príomh-Fheidhmeannach le Troll Inc an méid seo a leanas:

“Ó sheol muid Troll Inc in 2010 tá neart aipeanna agus cluichí forbartha againn ar fud an domhain.  Tá béim ar spraoi agus ar imirt thar aon rud eile sna cluichí s’againne. Tá siad déanta ag foireann bheag d’fhorbróirí proifisiúnta agus is féidir linn ardchaighdeán agus cluichí spraíúla a sholáthar in am gairid.

 

“Tá roinnt cluichí nua á bhforbairt againn chun cur leis an soláthar reatha atá againn, agus tá muid ag iarraidh labhairt le héinne eile faoi láthair, a bhfuil suim acu inár gcuid oibre, maidir le hairgeadú agus comhpháirtíochtaí. 

“Beidh muid ag tairiscint comhpháirtíochtaí sna Stáit Aontaithe, mar fhoireann phroifisiúnta d’fhorbróirí a bhfuil taithí shuntasach againn san earnáil seo cheana féin.

 

“Tá pleananna uaillmhianacha againn fosta leis an chomhlacht a thabhairt chun cinn go dtí an chéad leibhéal eile - ag cur leis na táirgí agus le scála na gcluichí atá againn. 

 

“Beidh rud éigin úr agus difriúil faoi gach ceann dár gcluichí do lucht a n-imeartha - ag méadú chan amháin lucht na gnólachta s’againne ach an líon daoine a imríonn ár gcuid cluichí chomh maith.

 

“Bheadh lúcháir orainn mar sin dá mbeimis in ann caidrimh oibre atá láidir agus comhoibritheach a bhunú de bharr a bheith páirteach sa turas trádála seo go Bostún.  

 

“Nuair a phillfidh muid ar Dhoire, má tá aon chomhpháirtíochtaí againn a thig cuidiú linn bogadh chun tosaigh mar chomhlacht, is amhlaidh gur fiú go mór é an turas seo.”

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO