Tá cúpla bailiúchán aon-lae le haghaidh dramhaíl chontúirteach tí eagraithe ag Comhairle Contae Dhún na nGall do na seachtainí amach romhainn. Bailítear na céadta tonna de dhramhaíl chontúirteach tí gach bliain. Ar smaoinigh tú riamh ar iarracht a dhéanamh an líon oibreán a úsáideann tú sa teach a laghdú?
Amharc isteach i do sheomra folctha nó i gcófra na cistine inniu agus tiocfaidh tú ar cuid mhór táirgí éagsúla a úsáidtear leis an teach a ghlanadh. Mar sin, cad iad na roghanna eile atá agat seachas táirgí glantacháin a cheannach ón tsiopa?
Tá cúig chomhábhar a shíltear a bheith chomh héifeachtach le táirgí tráchtála glantacháin. Níl costas mór leis na comhábhair seo ach oiread, mar sin de, ba chóir go sábhálfá airgead.
1. Sóid aráin nó decharbónáit sóidiam
Ábhar glantacháin den chéad scoth é, díbholaíoch agus scrábach séimh le húsáid i nglanadh an tí. Neodraíonn sé bolaithe aigéadacha in uisce agus súnn sé isteach bolaithe ón aer. Gheobhaidh tú é sa phasáiste le haghaidh Bácáil Tí san ollmhargadh.
2. Criostail Sóide ar a dtugtar Sóid Níocháin
Níl aon fosfáit, einsím, ná tuarthóir sa táirge seo. Is glantóir éifeachtach ach séimh é seo, ach ba chóir duit lámhainní a chaitheamh i gcónaí agus é in úsáid agat mar go bhfuil sé loiscneach. Gearrann sóid níocháin gréisc, glanann ola pheitriliam, baineann ar shiúl céir nó béaldath agus neodraíonn bolaithe. Tá sé iontach saor agus gheobhaidh tú é sa phasáiste níocháin / glantacháin san ollmhargadh.
3. & 4. Fíneagar Bán agus Sú Liomóin
Tá fíneagar bán agus sú liomóin aigéadach, agus neodraíonn siad substaintí alcaileacha ar nós screimhe ó uisce crua. Cuideoidh fíneagar le dul i ngleic le táscanna 'deacra', seachas tuarthóirí nó glantóir láidir ceimiceach a úsáid. Tuaslagann fíneagar ábhar gréisce, itheann sé smálú, agus baineann ar shiúl salachar ó dhromchlaí adhmaid.
5. Salann
Tá salann ina oibreán éifeachtach sciúrtha, ach tá sé séimh chomh maith.
Fá choinne dátaí ar na baiiúcháin SAOR IN AISCE i dtaca le Dramhaíl Chontúirteach Tí ar nós Oibreáin Ghlantacháin ar a n-áirítear tuarthóirí, Dramh-Leighis, Cadhnraí, Oibreán Frithreo, Luibhicídí (fiailnimheanna), Lotnaidicídí, Greamacháin, Seanphéinteanna, Péintdíobhaigh, Caolaitheoirí Péinte, Aerasóil, Dúchanna, Dramh-Olaí tabhair cuairt ar www.donegalcoco.ie/ie nó coinnigh súil ar an phreas áitiúil le haghaidh sonraí. Ná déan dearmad go gcaithfear lipéad a bheith ar gach gabhdán, buidéal srl agus na hábhair aitheanta go soiléir.
Fá choinne tuilleadh eolais, déan teagmháil le Suzanne Bogan, Oifigeach Feasachta Dramhaíola 074 07491 76276 nó ríomhphost [email protected].
Críoch.
Foinse: Suzanne Bogan Oifigeach Feasachta Dramhaíola 07491 76276 nó rphost [email protected]