Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Treoir Bruscar Tí

Treoir maidir le bainistiú bruscar tí

 

Níl tú cinnte cén bosca ar chóir bruscar áirithe a chur ann? Ag iarraidh oibriú amach cad é a thig a athchúrscáil agus cad é nach dtig a athchúrsáil? Níl tú cinnte cá háit ar chóir duit fáil réidh le rudaí móra troma?

 

Gabh chuig www.mywaste.ie, an treoir is fearr maidir bruscar tí, atá á chur ar fáil ag Oifigí um Bainistiú Réigiúnach Dramhaíola  i gcomhar leis an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil.

 

Is láthair lárnach eolais é an suíomh idirlín sin le haghaidh gach ceist a bhaineann le bruscar tí agus an athchúrsáil, mar sin de, más maith leat a fhios a bheith agat cad é le déanamh le do chuid bruscair, nó cén áit lena thabhairt chuige, tá cuidiú ar fáil!

Seo a leanas cuid dá bhfuil ar an suíomh:

  • Eolas ar cad é ba chóir a dhéanamh le cineálacha éagsúla bruscar tí
  • Léarscáil idirghníomhach ar a bhfuil gach ionad agus áis athchúrsála
  • Treoir shimplí i dtaca leis an athchúrsáil agus liosta cuimsitheach de rudaí laethúla a thig a athchúrsáil
  • Liosta rudaí nach féidir aon rud a dhéanamh leo ach iad a chur sa bhosca bruscair ginearálta
  • Liosta rudaí ar chóir fáil réidh leo mar dhramhaíl chontúirteach

 

Tá eolas ar an suíomh fosta faoi cén fáth a bhfuil sé tábhachtach a bheith freagrach agus siosmaideach maidir le bainistiú dramhaíola agus tá an suíomh ann chun cuidiú linn spriocanna dramhaíola na hÉireann a chur chun cinn, ina measc ráta athchúrsála agus athúsáide 65% a bhaint amach i dtaca le bruscar tí faoin bhliain 2035.


Fá choinne tuilleadh eolais gabh chuig www.mywaste.ie 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO