Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Treoir Bhéal Átha Seanaidh

Treoir Deartha do Bhéal Átha Seanaidh le seoladh

 

Ballyshannon Design Guide to be launched 379x269

 

 

Treoir Deartha do Bhéal Átha Seanaidh le seoladh

 

Déanfaidh an Clr. Michael Naughton, Cathaoirleach ar Cheantar Bardais Dhún na nGall, Treoir Deartha nua do Bhéal Átha Seanaidh Dé Máirt 9 Aibreán in Óstán Dorrian, Béal Átha Seanaidh.   Is í Comhairle Contae Dhún na nGall, ag obair i gcomhpháirt le Grúpa Athnuachan Baile agus Sráidbhaile Bhéal Átha Seanaidh, a chuir an treoir seo le chéile, agus tá sé de chuspóir aige foirgnimh stairiúla i mBéal Átha Seanaidh a chothabháil, a dheisiú agus a athchóiriú, chomh maith le bonn eolais a sholáthar faoin dóigh is fearr is féidir le foirgnimh úra a chur in oiriúint don tsráid-dreach.  

 

 

Beidh an t-ailtire clúiteach caomhantais Duncan McClaren ann chomh maith chun cur a láthair a dhéanamh ar an oíche.

 

 

Tá Béal Átha Seanaidh i measc cúig cinn de Bhailte Oidhreachta atá ainmnithe i nDún na nGall agus tá clú air gurb é ‘an baile is sine in Éirinn’. Bunaíodh an baile le Cairt Ríoga ar an 23 Márta, 1613.   Baile saibhir trádála a bhí ann le linn an ochtú céad déag agus an naoú céad déag nuair a bhí béim ar phlúrmhuilleoireacht, sábhmhuilleoireacht, déanamh tobac, déanamh gallúnaigh, súdaireacht, driogadh agus grúdaireacht. Is le linn an naoú céad déag a tógadh an chuid ba mhó de na foirgnimh ba shuntasaí a thugann a charachtar don bhaile.

 

 

Agus é ag caint an tseachtain seo is é a dúirt an Clr. Naughton: “Is toradh é an Treoir seo ar chuid mhór oibre a rinne an Chomhairle agus iad ag obair i gcomhpháirt leis an Ghrúpa Baile agus Sráidbhaile i mBéal Átha Seanaidh agus cuideoidh sé chun treoir a thabhairt i dtaca le foirgnimh stairiúla a chothabháil, a dheisiú agus a athchóiriú, agus san am céanna tugann sé treoir maidir le foirgnimh úra agus líonadh bearnaí sa tsráid-dreach.”

 

 

Beidh cóipeanna de Threoir Deartha Bhéal Átha Seanaidh ar fáil ar www.donegalcoco.ie agus beidh cóipeanna crua ar fáil ar an oíche.

 

 

Beidh an seoladh oifigiúil ar siúl Dé Máirt 9 Aibreán ag 7pm in Óstán Dorrian, Béal Átha Seanaidh. Níl aon táille isteach agus tá fáilte roimh gach duine, ach moltar duit a chur in iúl go mbeidh tú i láthair trí ríomhphost a chur chuig; [email protected] .

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO