Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Toscaireacht Trádála

Toscaireacht Trádála go dtí SAM

Tá Turasóireacht Dhún na nGall Teo agus a chuid páirtnéirí ag cur ionadaithe go dtí Stáit Aontaithe Mheiriceá le níos mó cuairteoirí agus turasóirí a mhealladh chuig an chontae.

 

Beidh an toscaireacht ag tabhairt cuairte ar Nua Eabhrac, Chicago agus Milwaukee, agus beidh siad ag bualadh le hoibreoirí turasóireachta thall ansin le heolas a chur orthu fána bhfuil ar fáil i nDún na nGall agus beidh siad ar a ndícheall an contae a dhíol mar cheann scríbe turasóireachta, ag díriú aird ar na buanna atá ag an chontae; mar shampla, an contae is cúláilte ar domhan in 2017, agus Slí an Atlantaigh Fhiáin etc.

 

Roimh an fheachtas poiblíochta seo bhí Turasóireacht Dhún na nGall ag obair go dlúth le Turasóireacht Éireann sna cathracha seo thuasluaite le teagmháil a dhéanamh le gnólachtaí agus áisíneachtaí turasóireachta thall féachaint an féidir bealtaí úra agus pacáistí úra a chur ar fáil do dhaoine ar mhaith leo cuairt a thabhairt ar Dhún na nGall sna blianta beaga amach romhainn.

 

Tá fáilte roimh bhaill den diaspóra chuig na hócáidí a bheas ar siúl mar chuid den toscaireacht seo, agus is féidir eolas a fháil faoi sin ach dul chuig Eventbrite ar líne agus cuardach ar dhéanamh fá choinne ‘Donegal Gathering New York 2017’ nó ‘Donegal Gathering Chicago 2017’ ag brath ar cé acu is oiriúnaí. Má tá cara agat thall, cuir ar an eolas iad faoi na himeachtaí seo.

 

Beidh seastán eolais go ceann trí lá ag foireann turasóireachta Dhún na nGall ag Féile Éireannach Milwaukee ag toiseacht Déardaoin 17 Lúnasa. Bíonn breis agus 130,000 duine i láthair ag an fhéile seo, a dhíríonn go príomha ar an cheol, ach a dhéanann plé fosta faoi oidhreacht Éireannach agus faoi chultúr na hÉireann, cúrsaí taistil, ginealas srl. 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO