Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Togra Siúlóireachta na hEorpa

Fáilte roimh Thogra Siúlóireachta na hEorpa go Dún na nGall

 

Donegal hosts Hiking Europe

 

 

Tháinig Páirtnéirí Eorpacha as an Spáinn, an Iodáil, An Ghearmáin, An Chróit agus an Ostair go Dún na nGall an tseachtain seo caite le haghaidh an tríú cruinniú agus seisiún traenála do Choiste Stiúrtha Siúlóireachta na hEorpa.  Reáchtáladh an chéad lá den chruinniú i gceantar álainn Chaisleán Ghleann Bheatha, agus is in Óstán an Silver Tassie i Leitir Ceanainn a bhí an dara lá don ócáid ar siúl.

 

Is é is cuspóirt le Togra Siúlóireachta na hEorpa ná bealaí tuaithe siúlóireachta a chur chun cinn i gceithre thír de chuid na hEorpa, mar atá, Éire (Dún na nGall), An Spáinn (Catalunya), An Iodáil (Emilia-Romagna) agus An Chróit (Dubrovnik-Neretva).  Is é an sprioc atá ann raon leathan siúlóidí a thairiscint do chuairteoirí, mar a dtig le siúlóirí blaiseadh a fháil de na traidisiúin áitiúla, bia áitiúil a bhlaiseadh, cuairt a thabhairt ar shiopaí agus ar iarsmalanna nó eolas a chur ar an dúlra áitiúil agus ar áiteanna iargúlta.

 

Tá lúcháir ar Chomhairle Contae Dhún na nGall a bheith bainte le Togra Siúlóireachta na hEorpa agus tá sí ag obair i gcomhpháirt le páirtithe leasmhara áitiúla le Bealach na Gaeltachta a chur chun cinn.   Is é atá i mBealach na Gaeltachta ceithre shiúlóid chiorclacha fad-achair in Iarthar Dhún na nGall, mar atá Slí an Earagail, Slí na Rosann, Slí na Finne agus Slí Cholm Cille, chomh maith le siúlóidí níos lú sna trí oileán (Árainn Mhór, Toraigh agus Gabhla). 

 

D’fháiltigh an Cathaoirleach, An Clr. Toirealach Ó Sluaigh roimh Pháirtnéirí an Togra go Dún na nGall agus dúirt sé cé go bhfuil An tAontas Eorpach ag dul fríd thréimhse mhíshocair i láthair na huaire, go gcaithfidh muidne mar Chomhpháirtíocht gan dearmad a dhéanamh go bhfuil caidreamh oibre bunaithe eadrainn agus go mbeidh neart deiseanna sna blianta amach romhainn tograí eile a chur i bhfeidhm a rachaidh chun sochair achan duine go sóisialta agus go heacnamaíoch.

 

Faigheann Togra Siúlóireachta na hEorpa tacaíocht ón chlár (COSME) i gCoimisiún na hEorpa.  Is féidir tuilleadh eolais a fháil fá dtaobh den Togra ar  www.hikingeurope.net

 

 

                                                             

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO