Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Togra Leabharlainne an Earraigh

Togra Leabharlainne an Earraigh

spring into storytime

 

 

AN TOGRA ‘SPRING INTO STORYTIME’ FAOI LÁN SEOIL

 

Seo togra náisiúnta atá ar siúl in achan leabharlann le linn mhí Aibreáin agus Bealtaine agus tá sé mar chuid den chlár ‘An Ceart Chun Léitheoireachta’. I measc na n-imeachtaí, beidh seisiúin scéalaíochta le haíonna speisialta á reáchtáil i Leabharlanna Dhún na nGall. Beidh sé dírithe ar theaghlaigh chun cuidiú leo béim a chur ar am scéalaíochta sa bhaile. Beidh an t-údar do pháistí Malachy Doyle mar aoí speisialta agus beidh cuid dá chuid saothair á léamh aige.

 

Beidh seisiúin Mhalachy á sruthú beo ar leathacnach Facebook Leabharlann Dhún na nGall ar an tSatharn 11ú & 18ú Aibreán agus 2ú & 9ú Bealtaine ag 10.30 r.n.

 

Is áis den scoith iad ár Leabharlanna le daoine a spreagadh agus a shaibriú ó thaobh na léitheoireachta de agus cuirfidh ‘Spring Into Storytime’ na bliana seo béim ar údair Éireannacha agus leabhair a foilsíodh anseo in Éirinn. Beidh na seisiúin uilig le fáil ar líne ar leathanach Facebook Leabharlann Dhún na nGall @donegallibrary. Ba cheart do theaghlaigh súil a choinneáil ar ár gcuid imeachtaí ar líne trí úsáid a bhaint as na haischlibeanna #springintostorytime #scríbhneoireachtnahÉireann #caithsúilníosgéire.

 

 

Spring into Storytime 2020 379x269

 

 

Dúirt Donna Cavanagh, Leabharlannaí Sinsearach Feidhmiúcháin le Seirbhís Leabharlainne Chomhairle Contae Dhúna na nGall “Tá an t-ádh orainn anseo i nDún na nGall go bhfuil údar idirnáisiúnta do pháistí Malachy Doyle ag obair linn ar an togra seo. Fuair muid an deis comhoibriú le foilsitheoirí Éireannacha i mbliana sa dóigh agus go dtiocfadh le scríbhneoireacht na hÉireann a bheith mar chuid den chlár agus tá muid ag iarraidh ar theaghlaigh a scíth a ligean lena páistí i dtimpeallacht fhíorúil agus sult a bhaint as ‘am teaghlaigh’ i gcomhar lenár leabharlanna. Ba mhaith linn cur chuige teaghlaigh a chur chun cinn i dtaca le léitheoireacht pháistí agus daoine a chur ar an eolas maidir leis na buntáistí a bhaineann leis an léitheoireacht, gur gníomhaíocht spraoíúil agus caitheamh aimsire teaghlaigh í agus go bhfuil seirbhísí agus áiseanna saor in aisce le fáil ó na leabharanna”.   

 

Tá na leabharlanna druidte don phobal faoi láthair ach an raibh a fhios agat go bhfuil réimse leathan áiseanna le fáil ar líne ar nós ríomhleabhair, ríomh-chlosleabhair, ríomhgreannáin, irisí tuismitheoireachta agus réimse cúrsaí agus tá siad uilig saor in aisce.

 

Le tuilleadh eolais a fháil, buail isteach isteach chuig do leabharlann áitiúil nó caith súil ar an leathanch ‘Imeachtaí’ ar shuíomh donegallibrary.ie nó lean Leabharlann Chontae Dhún na nGall ar Facebook nó Twitter.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO