Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > TEN-T Dhún na nGall

An Chonair Bhealaigh is dealraithí aitheanta do TEN-T Dhún na nGall

An Chonair Bhealaigh is dealraithí aitheanta do Ghréasán Tras-Eorpach Iompartha (TEN-T) Dhún na nGall

 

 

 

Tá an Chonair Bhealaigh is dealraithí a roghnófar aitheanta do Ghréasán TEN-T Dhún na nGall

 

Tá Conair Bhealaigh do gach aon stráice de Ghréasán TEN-T i nDún na nGall aitheanta anois agus nochtfar sonraí na gconairí is dealraithí a roghnófar ag ócáid chomhairliúcháin phoiblí níos moille an mhí seo.

 

Baineann Gréasán TEN-T Dhún na nGall le Tionscadal Feabhasúcháin le feabhsú trí stráice den Bhóthar Náisiúnta nó den Chonair Bhealaigh, Stráice 1 – an N15/N13 Bealach Féich / Srath an Urláir, Réigiún Uirbeach; Stráice 2 – an N56/N13 Leitir Ceanainn go Mainéar Uí Chuinneagáin agus Stráice 3 – an N14 Mainéar Uí Chuinneagáin go Leifear / An Srath Bán / Bóthar an A5

 

 

Beidh na hócáidí comhairliúcháin phoiblí ar siúl ó 2pm go dtí 8pm i Leifear, i Leitir Ceanainn agus i mBealach Féich. Seo a leanas na sonraí;

 

 

 Dé Máirt 19 Feabhra

 Teach an Chontae, Leifear

Dé Céadaoin 20 Feabhra 2019

Óstán Radisson, Leitir Ceanainn

Déardaoin, 21 Feabhra 2019

Óstán Jackson, Bealach Féich

 

 

Tá an Chonair Bhealaigh is dealraithí a roghnófar ar meán 300m ar leithead agus déanfaidh sé an bóthar molta agus oibreacha tacaíochta a éascú. Ní mar a chéile a bheidh éifeachtaí nó tionchair na fobraíochta seo ar réadmhaoine éagsúla agus ar a n-úinéirí.

 

Tá agus beidh teagmháil á déanamh ag Oifig na mBóithre Náisiúnta Chomhairle Contae Dhún na nGall le húinéirí réadmhaoine taobh istigh den Chonair Bhealaigh is dealraithí a roghnófar agus tá siad ar fáil chun bualadh go príobháideach le húinéirí réadmhaoine, lena mbaineann sé, roimh an chomhairliúchán poiblí.

 

Tá obair ar aithint an Chonair Bhealaigh is dealraithí do gach aon stráice de Ghréasán TEN-T Dhún na nGall á leanstan ó reáchtáladh na comhairliúcháin phoiblí in Aibreán agus i mBealtaine 2018 agus tá sé leagtha amach go nochtfar an Chonair Bhealaigh is dealraithí do gach aon stráice don phobal ag níos mó ócáidí comhairliúcháin phoiblí sna míonna amach romhainn.

 

 

Tá tuilleadh eolais ar fáil ar, www.donegal-ten-t.ie

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO