Tá áthas ar an Roinn Bonneagair a fhógairt go bhfuil deis a bheith páirteach sa chlár oibre chun an taisteal inbhuanaithe agus gníomhach a chur chun cinn. Tá muid ar lorg léirithe spéise ó eagraíochtaí, ó ghrúpaí agus ó charthanais ó gach cuid den phobal dul i gcomhpháirt linn chun tograí i dtaca le taisteal inbhuanaithe agus gníomhach a sholáthar laistigh de Mhol Taistil an Iarthuaiscirt i nDoire.
Cuideoidh an t-iarratasóir a cheapfar linn torthaí inbhuanaithe agus gníomhacha a bhaint amach san Iarthuaisceart. Beidh an tIonad um Thaisteal Gníomhach ag oibriú ar bhonn pobail (trí chomhairle, eolas agus imeachtaí a sholáthar chun feasacht a ardú agus an rannpháirtíocht a chur chun cinn sa taisteal gníomhach agus inbhuanaithe) agus ar bhonn tráchtála.
Fá choinne tuilleadh eolais agus foirm iarratais seol ríomhphost chuig:: [email protected] nó gabh i dteagmháil leis an Roinn Bonneagair ar 028 9054 0068 faoin 12 Meitheamh 2019