Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Taispeántas Cogaidh san Iarsmalann

Taispeántas: “An Dara Cogadh Domhanda: Iarracht Dhaonnúil na hÉireann”

WW1 nurses

 

Tugann Músaem Chontae Dhún na nGall cuireadh duit chuig seoladh taispeántas sealadach úr An Chéad Chogadh Domhanda: Iarracht Dhaonnúil na hÉireann – Otharsheirbhís Naomh Eoin, Dé hAoine an 15 Feabhra, 7.00 i.n. Fiosraíonn an taispeántas seo na scéalta pearsanta a bhí ag roinnt mhaith de na hoibrithe dheonacha a d’fhéach le pian, fulaingt agus bochtaineacht a laghdú le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda.  

 

I ndiaidh thús an Chogaidh i 1914, chuaigh Otharlann Naomh Eoin i gcomhar le Cros Dhearg na Breataine chun cúram leighis a sholáthar in otharlanna in Éirinn agus thar sáile do dhaoine a gortaíodh sa Chogadh. Chaith níos mó ná 6,000 oibrí deonach, go leor ban agus fear ó Dhún  na nGall ina measc, uaireanta iomadúla ag tacú le hiostaí otharlainne áitiúla, ag cruthú géaga saorga agus ag piocadh sfagnaim ó phortaigh, lena úsáid i gcóiriú. Mná den chuid is mó ba ea iad na hoibrithe deonacha. Fuair Florence Balfour Olphert, iníon Robert Fannin Olphert, Teach Bhaile Chonaill, an Fál Carrach, bás i 1917 den fhliú agus í ar sheirbhís ghníomhach le hOtharsheirbhís Naomh Eoin.

 

Bunaíodh Briogáid Otharsheirbhíse Naomh Eoin in 1887, mar eagraíocht dheonach chun cúram leighis saor in aisce a sholáthar. In Éirinn, cuireadh Otharsheirbhís Naomh Eoin ar bun i mBaile Átha Cliath i 1903 d’oibrithe Guinness. Sa bhliain 1910, chuir an Bhriogáid tús lena dualgas poiblí den chéad uair ag Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath. Le linn Éirí Amach na Cásca 1916, chuir níos mó ná 500 ball d’Otharsheirbhís Naomh Eoin a mbeatha i mbaol chun cuidiú a thabhairt dóibh siúd a gortaíodh le linn an Éirí Amach. Bronnadh boinn agus teastais ar bhaill na Briogáide mar gheall ar sheirbhís inmholta.

 

Fuarthas an taispeántas seo ar iasacht ó Chartlann Otharsheirbhís Naomh Eoin i mBaile Átha Cliath agus tá sé faoi choimeád Phádraig Allen ó Otharsheirbhís Naomh Eoin. Bailiúchán suntasach atá sa chartlann ina bhfuil níos mó ná 3,000 grianghraf agus cáipéis a leagann amach obair na heagraíochta in Éirinn.

 

Beidh an taispeántas ar siúl go dtí deireadh mhí an Mhárta. Saorchead isteach. Tuilleadh eolais ar fáil ó:

 

Músaem Chontae Dhún na nGall, An Bóthar Ard, Leitir Ceanainn, Co Dhún na nGall T 074 9124613 R [email protected]

 

Donegal County Museum, High Road, Letterkenny, Co Donegal T 074 9124613 E [email protected]

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO