Sa bhileog eolais i dtaca le tacaíocht an rialtais dóibh siúd a d'fhulaing de bharr na dtuilte leagtar amach sonraí na scéimeanna atá ar fáil faoi na ceithre cheannteideal seo a leanas:
Sealbhóirí Tí: Scéim Tacaíochta Dhaonnúil na Roinne Coimirce Sóisialaí
Gnólachtaí Beaga: Scéim Tacaíochta Dhaonnúil Shealadach Chros Dhearg na hÉireann
Eagraíochtaí Pobail, Deonacha agus Spóirt: Scéim Tacaíochta Dhaonnúil Shealadach Chros Dhearg na hÉireann.
Feirmeoirí: Scéimeanna na Roinne Talmhaíochta chun tacú le riachtanais speisialta na bhfeirmeoirí