Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Tábla Draíochta

Tábla Draíochta Leabharlainne ag cuidiú le teaghlaigh

Magic Table

Nigel Porter agus Mary T. O’Hara ó Theach Fiona i Leitir Ceanainn ag gearradh an ribín don Tábla Draíochta úr a seoladh sa Lárleabharlann, Déardaoin 30 Bealtaine.

 

Sheol Lárleabharlann, Leitir Ceanainn seirbhís úr chorraitheach inné 30 Bealtaine mar chuid d’imeachtaí ceiliúrtha Fhéile na Bealtaine.

 

Tá an Tábla Draíochta úr dírithe go speisialta ar dhaoine fásta a bhfuil néaltrú orthu, nó míchumais intleachtúla acu, chun a bheith páirteach i ngníomhaíochtaí fisiciúla agus sóisialta.

 

Is é atá sa Tábla Draíocht teilgeoir atá curtha ar an tsíleáil os cionn gnáth-thábla sa leabharlann. Teilgeann an gléas sraith de chluichí simplí idirghníomhacha, cluichí a ghríosaíonn an intinn agus a spreagann iad siúd a bhfuil néaltrú orthu nó riachtanais bhreise acu chun caidreamh níos fearr a dhéanamh lena muintir agus lena gcúramóirí.

Dúirt Noelle Sandilands ón Lárleabharlann: “Cuidíonn an chumarsáid le sláinte agus le caighdeán beatha gach duine, go háirithe do na daoine sin a bhfuil néaltrú orthu nó riachtanais bhreise acu.   Cuidíonn an Tábla Draíochta le gach duine sa phobal a bheith rannpháirteach”.

 

Tá léirithe ag taighde go dtig leis an Tábla Draíochta cuidiú le páistí a bhfuil uathachas orthu súgradh le chéile, agus cruthaíonn sé fócas comónta.

 

Magic Table Eileen

Ó chlé Mary Byrne, Nora Curran (Scor Gníomhach Leitir Ceanainn), Eileen Burgess, Leabharlannaí Contae Dhún na nGall, Eileen Farley (Scor Gníomhach Leitir Ceanainn), Maura Craig (Leabharlanna Thuaisceart Éireann) agus Noelle Sandilands, Seirbhís Leabharlainne Dhún na nGall ag baint trialach as an Tábla Draíochta úr nuair a seoladh é sa Lárleabharlann i Leitir Ceanainn.

 

Tá dhá thábla draíochta i leabharlanna sa chontae, ceann amháin i Lárleabharlann Leitir Ceanainn agus an ceann eile i Leabharlann Phobail Ghaoth Dobhair.  Fuarthas maoiniú don trealamh mar chuid de dheontas digiteach do leabharlanna ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus ó Chomhairle Contae Dhún na nGall.

 

Tá ar cheann de chuspóirí Sheirbhís Leabharlainne Dhún na nGall a bheith ag obair le pobail áitiúl chun an chruthaitheacht a chruthú, tacú leis an chuimsiú sóisialta agus cur le caighdeán na beatha.

 

Agus í ag caint faoin tseirbhís dúirt Leabharlannaí an Contae, Eileen Burgess: “Cuidíonn an Tábla Draíochta linn ár ngealltanas a chomhlíonadh i dtaca le clár saibhir spreagúil teicneolaíochta a chur ar fáil dár gcustaiméirí uilig”.

 

Tá an Tábla Draíochta ar fáil saor in aisce agus chun tuilleadh eolais a fháil faoin teicneolaíocht seo, moltar do dhaoine aonaracha nó d’eagraíochtaí dul i dteagmháil linn sa Lárleabharlann ar an uimhir 074 9124950.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO