Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Slí an Atlantaigh Fhiáin a chónascadh

Comhdháil Dhigiteach ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin

Comhdháil

 

Is cúis áthais do Chomhairle Contae Dhún na nGall, i gcomhar le Fáilte Éireann agus Turasóireacht Dhún na nGall Teo., a fhógairt go mbeidh an chomhdháil dar teideal 'Slí an Atlantaigh Fhiáin a chónascadh' ag teacht go Dún na nGall.

 

Beidh an chomhdháil margaíochta digití cheannródaíoch seo ar siúl Déardaoin 25 Meán Fómhair 2014 i gContae Dhún na nGall, ionad lena dheimhniú. 

 

Is comhdháil nuálach í 'Slí an Atlantaigh a chónasadh' agus tá sí ar an chéad cheann le gníomhaíochtaí margaíochta digití a cheangal le cur chun cinn Shlí an Atlantaigh Fhiáin i nDún na nGall. Faigh amach faoi roinnt leideanna simplí cost-éifeachtúla margaíochta a thig a chur i bhfeidhm i do ghnólacht le fás dearfach a chinntiú. Úsáid na teicnící nuálacha is déanaí ó thaobh margaíochta digití de chun aird do spriocghrúpa a dhíriú ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin.

 

Beidh ionadaithe ar fáil ó Fháilte Éireann le do chuid ceisteanna fá dtaobh de Shlí an Atlantaigh Fhiáin a fhreagairt.   Beidh painéal saineolaithe ann ó chomhlachtaí ar nós Google, Facebook agus ó roinnt áisíneachtaí Éireannacha atá ar thús cadhnaíochta ó thaobh na margaíochta digití de, lena thaispeáint duit an dóigh leis an leas is fearr agus is féidir a bhaint as Slí an Atlantaigh Fhiáin. Beidh roinnt cás-staidéar sa chomhdháil chomh maith ó réimse de ghnólachtaí turasóireachta áitiúla a bhfuil méadú dearfach ar líon na gcuairteoirí chucu cheana féin mar thoradh díreach ar thograí margaíochta atá déanta acu i dtaca le Slí an Atlantaigh Fhiáin chun dul i bhfeidhm ar níos mó tomhaltóirí ar an idirlíon.  

 

Is é a dúirt Bearnaí Mac Lochlainn ó Chomhairle Contae Dhún na nGall "Cuireann Comhairle Contae Dhún na nGall agus Fáilte Éireann fáilte roimh an chomhdháil seo go Dún na nGall.  Is deis iontach í seo don earnáil turasóireachta teacht le chéile ar mhaithe le gréasánú agus chun an t-eolas a fháil atá riachtanach le branda Shlí an Atlantaigh Fhiáin a úsáid le cur lena sciar féin den mhargadh dá ngnólachtaí féin. Coinnigh an dáta saor. Níor chóir an chomhdháil seo a chailliúint más mian leat cur le féidearthachtaí do do ghnólacht tríd an mhargaíocht dhigiteach a úsáid le haird a dhíriú ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin. 

Níl aon táille ar an chomhdháil ach tá líon na n-áiteanna teoranta, mar sin de, is gá clárú chomh luath agus is féidir. Eiseofar eolas i dtaca le clárú agus ionad na comhdhála chomh luath agus is féidir.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO