Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Siniú Conarthaí Scéim Bóthair

Conarthaí sínithe do Chuid 2 den Scéim Bóthair Tamhnach an tSalainn go hInbhear

 

 

Contracts signed for N56 Mcharles to Inver Road 379x269

An Cathaoireach, An Clr. Nicholas Crossan ag síniú conarthaí don chuid dheireanach

den Scéim Bóthair ‘Tamhnach an tSalainn go hInbhear’

i dTeach an Chontae, Leifear, Dé hAoine seo caite.  Sa ghrianghraf tá, ina suí, Harry Meehan,

Roughan & O’Donovan Consulting Engineers, An Clr. Noel Jordan,

Charles Wills, Wills Bros agus Seamus Neely, Príomh-Fheidhmeannach,

Comhairle Contae Dhún na nGall. Ar chúl;James Wills, Wills Bros, Fergus

Towey, An Oifig um Bóithre Náisiúnta i nDún na nGall John McLaughlin,

Comhairle Contae Dhún na nGall, An Clr. Tom Conaghan, An Clr. Niamh Kenned, An Clr.

Michael Naughton, Damien McDermott, An Oifig um Bóithre Náisiúnta i nDún na nGall

agus Cian Friel, An Oifig um Bóithre Náisiúnta i nDún na nGall.

 

 

Conarthaí sínithe don chuid dheireanach den Scéim Bóthair ‘Tamhnach an tSalainn go hInbhear’

 

 

Shínigh an Cathaoirleach, An Clr. Nicholas Crossan conarthaí tráthnóna Dé hAoine don chuid dheireanach den Scéim Bóthair straitéiseach Tamhnach an tSalainn go hinbhear i dTeach an Chontae, Leifear.  

 

 

Chan amháin go gcuirfidh an togra tábhachtach straitéiseach bonneagair seo feabhas ar an leibhéal seirbhíse agus ar an leibhéal sábháilteachta do gach úsáideoir bóthair, ach cuirfidh sé fosta le hinrochtaineacht ar iardheisceart Dhún na nGall, agus ar Phort na gCealla Beaga ach go háirithe. 

 

 

Tá Scéim Bóthair an N56 ó Dhroim Beitheach go hInbhear suite thart fá 3.5km siar ó Thamhnach an tSalainn, agus is é an dara cuid agus an chuid dheireanach é de Scéim Bóthair foriomlán €16m an N56 ó Thamhnach an tSalainn go hInbhear.   Tá an chéad chuid, ó Thamhnach an tSalainn go Droim Beitheach, chóir a bheith críochnaithe anois.

 

 

Is í Bonneagar Iompair Éireann a mhaoinigh an Scéim seo ina hiomláine, agus tá sé mar chuid den Phlean Caipitil foilsithe ‘Building on Recovery 2016 - 2021’.

 

 

Agus é ag caint ag an ócáid sínithe dúirt an Clr. Crossan: “is céim thábhachtach chun tosaigh é seo chun inmharthanacht fhadtéarmach a shlánú i nDún na nGall agus in Iardheisceart Dhún na nGall i dtaca le cúrsaí eacnamaíochta, sóisialta agus cultúrtha de.   Mar thoradh ar an infheistíocht seo tchífear mórthogra bonneagair a chuideoidh go mór le rochtaineacht fá choinne gnólachtaí, cuairteoirí agus lucht infheistíochta chuig iardheisceart Dhún na nGall, Port na gCealla Beaga san áireamh, port atá fíorthábhachtach d’fhorbairt eacnamaíochta an chontae.   Tá an cineál seo infheistíochta ríthábhachtach do Dhún na nGall agus do réigiún iomlán an Iarthuaiscirt má tá muid lenár gcuspóirí fáis agus rathúnais don réigiún a bhaint amach.”

 

 

Cuirfear tús leis na hoibreacha i mí Lúnasa 2019 agus táthar ag súil go mbeidh sé oscailte don phobal go luath in 2021.  Is iad Wills Bros. Ltd atá ceaptha mar chonraitheoir, bunaithe ar an phróiseas tairisceana don iarratas is fearr go heacnamúil.  Tá oibreacha den chineál chéanna curtha i gcrích ag Wills Bros. Ltd ar an ghréasán bóithre náisiúnta i nDún na nGall le blianta anuas, ar a n-áirítear Scéim an N56 ó Thamhnach an tSalainn go Droim Beitheach, Droichead an tSrutháin Dhuibh ar an N15 agus Bá Uachtair go Cill Chainnigh ar an N56.

 

 

Chuir Cathaoirleach ar Cheantar Bardais Dhún na nGall, an Clr. Noel Jordan fáilte fosta roimh an ócáid sínithe don togra seo agus rinne sé tagairt don tionchar dearfach a bhí ag Céim a hAon cheana féin ar an phobal, agus is é a dúirt seisean: “bhí tionchar iontach dearfach cheana féin ag an obair a rinneadh go dtí seo ar úsáideoirí bóthair agus ar na daoine sin atá ag obair agus ag cónaí sa cheantar.   Bhí an stráice seo den bhóthar iontach cúng agus contúirteach ach tá sé i bhfad níos sábháilte anois agus tá rochtain níos fearr ag gach úsáideoir bóthair, agus go háirithe ag an phobal áitiúil.”

 

 

Míníonn John McLaughlin, An Stiúrthóir Bóithre agus Iompair le Comhairle Contae Dhún na nGall: “de bharr na n-oibreacha seo beidh feabhas ar bhóthar singil an N56, lena stráiceanna cúnga agus lena dhroch-ailíniú ingearach agus cothrománach, go dtí Bóthar Úr Singil de Chineál 1, ar a n-áirítear lána 3.65m ar leithead ina achan treo le Guaillí Crua 2.5m ar leithead.    I measc na n-oibreacha beith glanadh suímh, sconsa, ráillí sábháilteachta, draenáil agus duchtanna seirbhíse, píopaí uisce agus áiseanna eile ar atreo, oibreacha gaolmhara, tírdhreachú agus bearta maolaithe timpeallachta.”

 

 

Is iad na hInnealtóirí Comhairleoireachta Roughan & Donovan a dhéanfaidh maoirseacht ar na hoibreacha thar ceann Chomhairle Contae Dhún na nGall.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO