Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Síneadh ama Glasbhealach

Síneadh ama curtha leis an spriocdháta le haghaidh aighneachtaí maidir le Glasbhealach

NW Greenway Network Pub Con

Cuid den tslua a d’fhreastail ar an chruinniú comhairliúcháin i gClub Luamhaireachta Loch Súilí maidir le Bealach 1 do Ghlasbhealach Dhoire - Bhun Cranncha an mhí seo caite.

 

Ag leanúint ón dá chruinniú phoiblí comhairliúcháin a reáchtáladh i bhFathain agus i nDoire i mí Mheithimh, nuair a d’fhreastail beagnach 300 duine, tá síneadh ama curtha leis an spriocdháta le haghaidh aighneachtaí faoi Bhealach 1 Bun Cranncha go Doire, go dtí Dé hAoine 31 Lúnasa 2018.

 

Tá an glasbhealach ó Bhun Cranncha go Doire mar chuid de thrí bhealach atá á fhorbairt mar chuid de Ghréasán Glasbhealaigh an Iarthuaiscirt, in éineacht le Doire-Magh agus Leifear-An Srath Bán. Nuair a chríochnófar iad, beidh 46.5km de ghlasbhealach úr trasteorann ar fáil sna trí bhealach, rud a chuideoidh le hastaíochtaí carbóin a laghdú trí tiománaithe a spreagadh lena gcarranna a fhágáil sa bhaile. Tá luach €18 milliún ar an tionscadal agus tá sé ag fáil tacaíochta ó Chlár INTERREG VA an Aontais Eorpaigh, arna bhainistiú ag Foras Chláir Speisialta an AE.

 

Seo an méid a bhí le rá ag Jonathan Henderson, Bainisteoir Tionscadail le haghaidh Ghréasán Glasbhealaigh an Iarthuaiscirt: ‘Tá muid i ndiaidh síneadh ama a chur leis an spriocdháta de bharr laethanta saoire an tsamhraidh. D’fhreastail cuid mhór daoine ar na comhairliúcháin phoiblí agus tá sé go hiontach an fonn agus an díograis atá ar dhaoine maidir le forbairt an ghlasbhealaigh a fheiceáil’.  Agus lean sé: ‘Cé go bhfuil tacaíocht láidir ann do thionscadal an ghlasbhealaigh, féachfaidh muid go fóill, is cuma cén bealach a roghnófar, go mbeidh an tionchar is lú agus is féidir ag an bhonneagar seo ar na daoine atá ina gcónaí cóngarach don ghlasbhealach.’

 

Is féidir foirm aiseolais maidir le Bealach 1 a íoslódáil ó www.nwgreenway.com. Tá tuilleadh eolais ar fáil ó Twitter @nwgreenway agus ó Facebook @nwgreenway.

 

NW Greenway Logo

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO