Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Seoladh S na Gaeilge 2018

Seachtain na Gaeilge faoi lán seoil i nDún na nGall

 
Clár Imeachtaí Seachtain na Gaeilge 2018 do Dhún na nGall  
 
 

Seachtain na Gaeilge 2018 11

Ag seoladh Sheachtain na Gaeilge Dé Céadaoin seo caite 

 

Cuireadh tús spleodrach le Seachtain na Gaeilge ar fud Dhún na nGall, nuair a seoladh imeachtaí na féile bliantúla in  Amharclann an Ghrianáin, Leitir Ceanainn inniu,  Dé Céadaoin, 28 Feabhra ag 11.00 am. 

 

Beidh an fhéile idirnáisiúnta, Seachtain na Gaeilge, ar siúl ar 1 - 17 Márta 2018 agus tá clár fairsing imeachtaí  Gaeilge beartaithe do Chontae Dhún na nGall le linn na féile.

 

Sheol Cathaoirleach na Comhairle Contae, An Clr Gerry McMonagle Seachtain na Gaeilge go hoifigiúil.  Bhí Micheál Cholm Mac Giolla Easpuig,  Cathaoirleach Choiste Gaeilge na Comhairle Contae i láthair ag an ócáid chomh maith leis an Clr Ailbeard Ó Dochartaigh.

 

 

An Crann Óg i mbun ceoil ag an seoladh 

 

Chuir An Crann Óg tús bríomhar leis an ócáid agus arís i ndiaidh na n-óráidí le ceol breá sultmhar.  Tháinig grúpa daltaí scoile, ó Ghaelscoil Adamhnáin, Leitir Ceanainn aniar aduaidh ar an lucht féachana nuair a bhris siad isteach ar imeachtaí na maidine le siamsaíocht den chéad scoth.  Chuir siad féin agus An Crann Óg deireadh spraíúil leis an ócáid.

 

Agus é ag caint ag an seoladh, seo mar a labhair Cathaoirleach na Comhairle Contae, An Clr Gerry McMonagle “Tá tuairim is céad (100) imeacht á reáchtáil ar fud Chontae Dhún na nGall idir an chéad agus an seachtú lá déag de mhí Mhárta le ceiliúradh a dhéanamh ar Sheachtain na Gaeilge, agus tá mise an-sásta go bhfuil an Chomhairle Contae agus Seirbhísí Leabharlainne na Comhairle agus neart coistí pobail ag glacadh páirte sa tseachtain arís i mbliana.”

 

Labhair Séamus Mac Conghaola, Príomh-Fheidhmeannach na Comhairle Contae, faoi thábhacht na Gaeilge agus ar an dualgas atá ar an Chomhairle, mar Údaras Áitiúil, an Ghaeilge a spreagadh agus a neartú fud fad na contae.  Labhair sé fosta faoi chomh tábhachtach is atá sé deiseanna foghlama a chur ar fáil do na baill tofa agus do na baill foirne.  Faoi láthair, tá breis is 50 oifigeach leis an Chomhairle ag freastal ar ranganna Gaeilge atá ar siúl sa Chomhairle. Labhair sé faoi Rannóg na Gaeilge agus an obair atá déanta ag an Chomhairle o thaobh neartú na rannóige maidir le hacmhainní breise daonna agus tacaíochtaí a chur ar fáil.  Mhol sé tacaíocht ón pheileadóir óg – Michael Carroll atá sásta feidhmiú ar ár son mar Ambasadóir na Gaeilge, go hairithe sa bhliain seo, bliain na Gaeilge.

 

 

Daltaí ó Ghaelscoil Adhamhnáin i Leitir Ceanainn ag baint suilt as Seoladh Sheachtain na Gaeilge

 

Labhair An Clr Mícheál Colm Mac Giolla Easbuig, Cathaoirleach úrthofa ar Choiste Gaeilge na Comhairle Contae ag an ócáid. “Má tá muid ag iarraidh an Ghaeilge a bheith beo caithfidh muid í a labhairt. Agus caithfidh muid oiread a thig linn a dhéanamh chun tacaíocht a thabhairt do pháistí, agus daoine níos sine, agus na hÉireannaigh úra as tíortha eile.  Ach má tá muid dáiríre faoin teanga a shábháil tá géarghá le hathrú mór cultúrtha sa tír seo agus athrú mór meoin”.

 

Labhair Donna Cavanagh as an tSeirbhís Leabharlainne.   Labhair sí mar ‘fhoghlaimeoir Gaeilge’ agus ar na ranganna Gaeilge ar a bhfuil sí ag freastal orthu faoi láthair.  Labhair sí faoi laethanta a hóige agus ar na dúshláin a bhi aici maidir leis an Ghaeilge.  Ach anois, dúirt sí go bhfuil sí ‘ag foghlaim faoi spiorad na Gaeilge’ gné atá iontach tábhachtach, dar léi. 

Ghabh sí buíochas le Fiona Sweeney agus leis na baill foirne sna leabharlanna ar fad atá ag reáchtáil imeachtaí le linn Sheachtain na Gaeilge idir 1ú Márta agus 17ú Márta,

 

Tá Michael Carroll, imreoir contae as an Ghaeltacht roghnaithe mar Ambasadóir Sheachtain na Gaeilge i nDún na nGall. “Tá lúcháir ó chroí orm a bheith mar ambasadóir Sheachtain na Gaeilge 2018 do Chomhairle Contae Dhún na nGall. Tá an Ghaeilge agam ón lá ar rugadh mé. Is í an Ghaeilge an teanga teaghlaigh atá againn agus tá sí fite fuaite i ngach gné de mo shaol – i mo bhaile dúchais Gaeltachta, i mo chuid staidéir in Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn, ina bhfuil an Ghaeilge mar ábhar lárnach, agus ar an pháirc imeartha – coinním an Ghaeilge i gcónaí i lár báire. Bígí liom agus seasaimis an fód ar son Gaeilge, Gaeltacht agus Condae’.

 

Clár Imeachtaí 2018 do Sheachtain na Gaeilge i nDún na nGall

           

Dúirt Róise Ní Laifeartaigh, Oifigeach Gaeilge Pobail le Rannóg na Gaeilge sa Chomhairle Contae, “… go bhfuil lúcháir ar Chomhairle Contae Dhún na nGall clár imeachtaí áitiúla do Sheachtain na Gaeilge a sheoladh; tá réimse leathan imeachtaí beartaithe agus táthar ag súil go mbeidh an pobal ar fad, idir óg agus aosta, ag glacadh páirte san fhéile. Tá neart grúpaí, daoine aonair agus scoileanna ar fud an chontae iontach gnoitheach ag ullmhú dá gcuid imeachtaí féin chun tacú leis an fhéile agus an Ghaeilge a chur chun cinn.

 

 

I measc na n-imeachtaí a bheidh ar siúl le linn Sheachtain na Gaeilge i nDún na nGall beidh scéalaíocht, cainteanna stairiúla, tráth na gceisteanna, maidineacha caife, siúlóidí Gaeilge, ciorcail chomhrá agus go leor eile.

 

Fá choinne tuilleadh eolais faoi na himeachtaí, ní gá ach teagmháil a dhéanamh le Róise nó le Seán ag 074 94275 nó seol ríomhphost chuig: [email protected] nó dul go www.snag.ie nó chuig suíomh idirlín na Comhairle Contae ar donegal.ie/ie, chun cuardach a dhéanamh d’imeachtaí i do cheantarsa.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO