Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Seirbhís úr rabhaidh

Seirbhís úr rabhaidh ón Chomhairle do theaghlaigh agus do ghnólachtaí i nDún na nGall

Map alerter launch

Ag an láinseáil den tSeirbhís úr rabhaidh léarscáile, seirbhís trína gcuirfear teachtaireachtaí go díreach chuig teaghlaigh agus chuig gnólachtaí ar a gcuid guthán, tá (ina suí) Daragh McDonough agus An Cathaoirleach An Clr. Gerry McMonagle, (ina seasamh ó chlé): Brendan O’Donnell, Brian Boyle, Anne Marie Conlon, Michael McGarvey, John McLaughlin, Jacqueline Lynch, Seamus Neely agus Liam Ward.

 

Is féidir le teaghlaigh agus gnólachtaí i nDún na nGall rabhaidh nó teachtaireachtaí a fháil go díreach chuig a gcuid guthán nó taibléidí anois trí an tseirbhís úr teachtaireachtaí ó Chomhairle Contae Dhún na nGall.  San áireamh leis seo beidh teachtaireachtaí aimsire ó Met Éireann, teachtaireachtaí griotála, eolas maidir le bóithre atá druidte agus liostaí seachtainiúla pleanála.  

 

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall cláraithe anois leis an tSeirbhís Rabhaidh Léarscáile a ligfidh do theaghlaigh agus do ghnólachtaí i nDún na nGall síniú leis an tseirbhís teachtaireachtaí saor in aisce.  Ciallaíonn sé seo gur féidir teachtaireachtaí a chur go díreach i bhfoirm téacsanna, ríomhphoist, fógra guthán cliste nó teachtaire Facebook chuig daoine aonair agus chuig gnólachtaí atá cláraithe leis an tseirbhís. 

 

Gné thábhachtach leis an tseirbhís seo ná go bhfuil sé bunaithe ar shuíomh nó áit, rud a chiallaíonn gurb iad na húsáideoirí cláraithe sin amháin atá sa cheantar ar leith, nó atá ag dul fríd an cheantar, a gheobhaidh an teachaireacht rabhaidh. Ní chuirfear teachtaireachtaí chuig gach duine nuair nach mbeadh sé de thábhacht ar bith dóibh. Lena chois sin, tá gach rabhadh le fáil ar léarscáileanna agus thig le duine ar bith iad a fheiceáil ar an suíomh idirlín Mapalerter.

 

Mar thús, beidh béim ar chlár griotála na Comhairle, ar fhógraí aimsire ó Met Éireann, agus ar Liosta Seachtainiúla Pleanála, ach is féidir go ndéanfar forbairt ar an tseirbhís seo le tuilleadh teachtaireachtaí agus rabhaidh tábhachtacha a chur san áireamh.

 

 

 

Map alerter launch 1

An Príomh-Fheidhmeannach le Comhairle Contae Dhún na nGall Séamus Mac Conghaola, agus An  Cathaoirleach An Clr. Gerry McMonagle, ag baint trialach as an chóras úr teachtaireachtaí a bheas ar fáil do theaghaigh agus do ghnólachtaí go díreach chuig a gcuid guthán.

 

Chuir an Chathaoirleach, An Clr. Gerry McMonagle, fáilte roimh an togra ó thaobh seirbhís chustaiméara agus chumarsáide de, thar ceann na Comhairle. 

 

“Tá an Chomhairle ar thús cadhnaíochta maidir le teachtaireachtaí tábhachtacha poiblí a chomhroinnt tríd na meáin shóisialta agus trí ardáin idirlín agus is céim eile chun tosaigh é seo lena chinntiú go bhfuil an pobal á gcoinneáil ar an eolas faoi theachtaireachtaí tábhachtacha poiblí ar nós eolas faoi ghriotáil bóithre, bóithre a bhfuil sé i gceist a dhruidim i do cheantar agus liostaí seachtainiúla pleanála.” 

 

“Beidh fiúntas na seirbhíse seo le feiceáil go soiléir le linn tuilte agus eachtraí aimsire eile nuair a bheas sé riachtanach rabhaidh agus eolas a chur amach roimh ré chuig an phobal le go mbeadh  teaghlaigh agus gnólachtaí réitithe lena maoin a chosaint agus fanacht slán sábháilte.   Mholfainn go gach gnólacht agus do gach duine sa chontae clárú leis an tseirbhís seo”.

 

Chun clárú leis an tseirbhís gabh chuig www.mapalerter.com/register nó íoslódáil an aip ‘MapAlerter’.  Is féidir leat clárú fosta trí Theachtaire Facebook.  

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO