Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Seimineár 'Gnó Glas' i Leitir Ceanainn

Seimineár 'Gnó Glas' i Leitir Ceanainn

 

Tá gnólachtaí i nDún na nGall á ngríosú freastal ar sheimineár Gnó Glas saor in aisce in Ionad Gnó an Chiste Fiontraíochta ar an 10ú Samhain ó 9.30rn go 1in. Díreoidh an seimineár ar conas is féidir le gnólachtaí feabhsuithe a dhéanamh maidir le coigiltis agus le húsáid acmhainní, tríd an dramhaíl a laghdú mar aon leis an tomhaltas uisce agus fuinnimh.

 

Is seirbhís saor in aisce, rúnda éifeachtúlachta é Gnó Glas do gach saghas Gnóthas Beag agus Meánmhéide in Éirinn agus tá sí maoinithe ag an Ghníomhaireacht um Chosaint an Chomhshaoil (EPA) faoin Chlár Náisiúnta Laghdaithe Dramhaíola .

 

Rinneadh measúnú éifeachtúlachta ar GBManna na hÉireann agus fuarthas amach gurbh fhéidir meánchoigealtas de €35,000 a dhéanamh i dtaca le huisce, le dramhaíl agus bainistiú fuinnimh; thiocfadh an leathchuid de na seirbhísí seo a chur i bhfeidhm tríd an chleachtas a fheabhsú, gan ach an chuid is lú den chostas don ghnó féin.

 

Tá Suzanne Brogan, Oifigeach Feasachta Dramhaíola le Comhairle Contae Dhún na nGall, suite de gur chóir do ghnólachtaí i nDún na nGall freastal ar an seimineár seo; "is seimineár saor in aisce é seo atá ar fáil do gach saghas GBM i nDún na nGall. Deis iontach atá ann dóibh foghlaim faoi conas airgead a shábháil agus acmhainní a úsáid níos éifeachtúla. Beidh tú ábalta labhairt le saineolaithe i réimsí difriúla sna ceardlanna, a bheas ábalta comhairle a chur ort faoi chúrsaí a chuideoidh le do ghnó féin."

 

Tá Gnó Glas i ndiaidh dul i gcomhar le IBEC agus Bord Iascaigh Mhara leis an seimineár leathlae a chur ar siúl i Leitir Ceanainn agus beidh cainteoirí agus cás-staidéir i láthair ó ghnólachtaí áitiúla a rinne coigiltis trí chomhairle Ghnó Glas a ghlacadh. Beidh James Hogan ó Gnó Glas agus Raoul Empey ó Údarás Fuinnimh Inmharthanach na hÉireann (SEAI) ag caint ag an seimineár.

 

Creideann James Hogan ó Gnó Glas gur féidir le gach gnólacht coigilteas a dhéanamh tríd an bhainistiú fóntais a fheabhsú. "Tá an cumas ag gach gnólacht bainistiú níos fearr a dhéanamh ar a hacmhainní fuinnimh, uisce agus fóntais eile. Tá deiseanna suntasacha le tapú ag gnólachtaí agus tá an-áthas orainn go bhfuil daoine ardeolacha gnó linn a mhíneoidh agus a phléifidh conas atá a ngnólachtaí féin ag coigilt na mílte euro trí bhainistiú éifeachtúil acmhainní a dhéanamh."

 

Is féidir tuilleadh eolais a fháil, nó áit a chur in áirithe ag aon cheann de na seimineáir, ach rphost a chur chuig a dhéanamh le [email protected]

 

 

 Fiosruithe ón Phreas: Aoibhinn Twomey (021 4271234/ 086 44133031) [email protected]

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO