Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Scéim Tacaíochta Dhaonnúil fógartha

Scéim Tacaíochta Dhaonnúil fógartha

 

 

Scéim Tacaíochta Daonnachta Chros Dhearg na hÉireann

Tá sonraí fógartha ag an Aire le Freagrachtaí Cosanta, Paul Kehoe, i dtaca le Scéim Tacaíochta Dhaonnúil Chros Dhearg na hÉireann, arbh fhiú €2 milliún í, agus a bheas ar fáil chun cuidiú le gnólachtaí beaga, agus grúpaí pobail, deonacha agus spóirt.

 

Is é atá sa scéim seo ná deontas tacaíochta chun cuidiú leis na costais atá ar athchóiriú na n-áitreabh gnó, spóirt agus pobail go dtí an caighdeán céanna a bhí acu roimh na tuilte, agus san áireamh leis sin tá urláir úra, daingneáin agus feistis, agus stoc úr a chur ar fáil san áit ar scriosadh iad, nuair is cuí.  Ní bheidh aon íocaíochtaí faoin scéim fá choinne caillteanas tuarastail ná caillteanas dea-thoil ghnó.

 

Tá an scéim dírithe ar ghnólachtaí beaga (suas le 20 oibrí), ar chlubanna spóirt agus ar eagraíochtaí pobail, agus tá dhá chéim i gceist.  Cuirfear tús leis an chéad chéim gan aon mhoill agus cuirfear deontas suas le €5,000 ar fáil, ag brath ar mhéid an dochair a rinneadh.  Táthar ag dréim go gcomhlíonfaidh sé seo na riachtanais atá ag an chuid is mó díobh siúd a d’fhulaing. Cuirfear tús leis seo láithreach bonn agus tá sé i gceist na híocaíochtaí a dhéanamh chomh gasta agus is féidir. 

 

Sa chás go bhfuil damáiste mór os cionn €5,000 déanta do na foirgimh is féidir go mbeidh tuilleadh tacaíochta ar fáil sa dara céim.  Tá an leibhéal iomlán tacaíochta atá ar fáil don dá chéim teoranta go dtí uasmhéid de €20,000.  Beidh foirmeacha iarratais don scéim seo ar fáil anseo.

 

Tabhartais

Tá aontaithe ag Cros Dhearg na nÉireann glacadh le tabhartais chun cuidiú leo siúd atá thíos de bharr na dtuilte ar na mallaibh agus déanfar na tabhartais seo a riar ag an aonad áitiúil den Chros Dhearg i nDún na nGall.  Is féidir leat tabhartas/íocaíocht a dhéanamh chuig Cros Dhearg na hÉireann, Uimhir Chuntais 10005462, NSC an Chuntais 900017, agus ba chóir ‘Donegal Floods Appeal’ a scríobh mar thagairt don íocaíocht.  Gach íocaíocht a gheofar úsáidfear é fá choinne cheantar Dhún na nGall, agus sin amháin, agus gheobhaidh gach duine admháil.

 

Leanadh ar aghaidh hobair ghlantacháin inniu in Inis Eoghain mar a raibh baill d’Airm na hÉireann ag cur cuidiú ar fáil i bpáirc Illies Celtic agus in eastáit tithíochta i mBun Cranncha agus i gCarn Domhnach. 

 

Aon duine a bhfuil cuidiú de dhith orthu glantacháin a dhéanamh nó a bhfuil scipeanna agus/nó díthaisirí de dhíth orthu iarrtar orthu dul i dteagmháil le Comhairle Contae Dhún na nGall ag 074 91 53900.

 

Is eol don Chomhairle fosta go bhfuil ceantracha eile sa chontae ar nós Ráth Bhoth, Ráth Maoláin agus Bun Dobhráin a d’fhulaing le linn na dtuilte agus is féidir le teaghlach/líon tí ar bith, gnólachtaí, clubanna spóirt nó eagraíochtaí pobail atá ag fulaingt sna ceantracha seo tacaíocht agus cuidiú a fháil trí dhul i dteagmháil go díreach leis an Chomhairle.

 

Cabhair tithíochta

Tá Seirbhís Tithíochta na Comhairle ag leanúint de bheith ag cur tacaíocht agus cuidiú ar fáil dóibh siúd atá thíos de bharr na dtuilte.   Go dtí seo tá 49 teaghlach i ndiaidh clárú le Comhairle Contae Dhún na nGall mar theaghlaigh atá díláithrithe (curtha as a dtithe féin) agus tá tacaíocht á cur ar fáil do na teaghlaigh seo agus tá a gcuid riachtanas á measúnú cás ar chás.  Tá tacaíocht á fáil ag 19 ceann de na teaghlaigh seo óna gcuid comhlachtaí árachais féin agus ag an am seo níl tacaíocht de dhíth orthu ón Chomhairle, agus tá 15 theaghlach i ndiaidh lóistín sealadach níos fadtéarmaí a fháil nó tá lóistín á ullmhú dóibh nó táthar i ndiaidh lóistín a thairiscint dóibh.  Tá an Chomhairle ag obair go gníomhach leis an 15 theaghlach eile le réiteach cónaithe a fháil a fhreastalaíonn ar a gcuid riachtanas. 

 

Nuacht Bóithre

Bhí obair ar siúl inniu leis an suíomh ag Cois Abhann ar an R240 idir Rinn Uí Choigligh agus Carn Domhnach a ullmhú leis an droichead sealadach a chur isteach, agus táthar ag súil go mbeidh an struchtúr seo in áit agus i bhfeidhm i gceann roinnt laethanta.

 

Tá obair ag leanúint ar aghaidh ar an R238 ag na Trí Chrann idir Magh agus Rinn Uí Choigligh agus táthar ag dréim go mbeidh an bóthar seo oscailte do thrácht débhealaigh i gceann coicíse.

 

Tá an R244 ag Creag na hEorna ar Bhóthar an tSléibhe idir Bun Cranncha agus Carn Domhnach, chomh maith le Bearna Ghráinne, druidte go fóill. Níl sé indéanta na bóithre seo a oscailt sa ghearrthéarma.  Tá malairtí slí i bhfeidhm go háitiúil go fóill.

 

Tá roinnt bóithre tuaithe druidte go fóill ar fud na leithinse agus tá malairtí slí i bhfeidhm go háitiúil.

 

Tá measúnú á dhéanamh ar an 1,500km den ghréasán bóthair in Inis Eoghain go fóill agus tá i bhfad níos mó ná 300 cás aitheanta agus tá obair ar siúl ag Foireann Deartha Bóithre na Comhairle le réitithe a chostasú agus a dhearadh. 

 

Tá dochar suntasach forleathan déanta don ghréasán bóithre agus iarrtar ar gach duine a úsáideann na bóithre a bheith níos faicheallaí nuair a bhítear amuigh ar na bóithre. 

 

Duine ar bith a d’fhulaing de bharr na dtuilte seo agus a bhfuil tacaíocht nó cuidiú de dhith orthu, ina measc tithíocht éigeandála, cuidiú le dochar atá déanta dá sealúchais nó aon riachtanas daonnúil eile, iarrtar orthu dul i dteagmháil leis an Chomhairle trí bhualadh isteach inár gcuid oifigí nó trí scairt a chur ar 074 91 53900 le linn uaireanta oscailte nó 074 91 72288  i ndiaidh uaireanta oscailte. 

 

Is féidir leat coinneáil suas chun dáta fosta trí Chomhairle Contae Dhún na nGall a leanúint ar Facebook nó ar Twitter.

 

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO