Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Scéim Salú Madaí

Glan suas é, aon mhála, aon bhosca bruscair!

Any Bin any Bag

 

Stionsail úra ag an Chladach i mBun Cranncha ag iarraidh ar úinéirí madaí glanadh suas i ndiaidh a gcuid madaí agus ag cur i gcuimhne dóibh go ndéanfaidh aon mhála nó aon bhosca bruscair cúis.

 

Tá an pobal i ndiaidh glacadh go dearfach le scéim úr de chuid oibrithe bainistiú bruscair Chomhairle Contae Dhún na nGall chun dul i ngleic le salú madaí in áiteanna poiblí.

 

Mar chuid den togra, tá loirg lapaí lándaite curtha ar chosáin le stionsail, ag taispeáint go soiléir cén áit ar chóir d’úinéirí madaí fáil réitithe dá gcuid salú madaidh.  

 

“Is togra simplí é seo” arsa Martin Roarty, Maor Bruscair do Cheantar Bardais Leitir Ceanainn, a chuir an smaoineamh faoi bhráid na Comhairle i dtús ama.   “Chonaic mé gur éirigh go maith leis seo in áiteanna eile agus dar liom gur smaoineamh é ar chóir triail a bhaint as i Leitir Ceanainn ar dtús agus tá lúcháir orm leis an aiseolas atá faighte againn.  Is dóigh iontach é le teachtaireacht thábhachtach a chur abhaile ar dhaoine ar bhealach cairdiúil agus dearfach, agus le cumarsáid a dhéanamh leis an phobal i gcoitinne faoi cheist thábhachtach”. 

 

“Tá muid i ndiaidh loirg lapaí lándaite a chur ar na cosáin le stionsail, agus iad ag dul i dtreo bosca bruscair agus an teachtaireacht shimplí orthu “glan suas é, aon mhála, aon bhosca bruscair”.

 

“Tá muid ag cur i gcuimhne d’úinéirí madaí go bhfuil freagracht orthu glanadh suas i ndiaidh a gcuid madaí agus dhírigh muid ar áiteanna ina siúltar madaí go minic agus ina bhfuil fadhbanna le salú madaí.  Tá súil againn an togra seo a thabhairt go dtí ceantracha eile sa chontae sna seachtainí agus sna míonna amach romhainn, agus an tseachtain seo caite thug muid na stionsail go dtí an Cladach i mBun Cranncha, áit ar ghlac an pobal go dearfach leo.”

 

Chan amháin go bhfuil salú madaidh bréan agus gránna, is féidir leis fadhbanna móra a chruthú fosta sa mhéid is go dtruaillíonn se an t-uisce agus go bhfuil sé contúirteach do shláinte na ndaoine, go háirithe páistí agus peataí chomh maith.   Ba chóir d’úinéirí madaí glanadh suas i ndiaidh a gcuid madaí i gcónaí agus fáil réitithe de shalú madaí mar is ceart.

 

“Ba mhaith linn go mórmhor a chur i gcuimhne don phobal nach bhfuil ga le bosca bruscair speisialta le fáil réitithe de shalú do pheata. Is féidir é a chur in aon bhosca bruscair a fhad agus atá sé cur i mála mar is ceart” arsa Martin Roarty.

 

Déanann beagán mórán.  B’fhéidir go síltear nach mórán é carn beag amháin de shalú peata; ach, tá na mílte madadh i nDún na nGall, agus tá sin ag cruthú carn ollmhór salaithe ar fud an chontae gach lá.  Nuair nach bhfaightear réidh leis mar is ceart, téann an salachar seo isteach sna bealaí uisce go háitiúil agus cruthaíonn sé fadhbanna do shláinte daoine agus do shláinte peataí ar nós giardia; cruinnphéisteanna; salmonella; víris agus seadáin eile ag cur isteach ar chaighdeán an uisce agus ag laghdú an leibhéil oscaigín atá ag na héisc.

 

Aon úinéir madaí nó aon láimhseálaí madaí nach bhfaigheann réidh le salú madaidh ar dhóigh fhreagrach, d’fhéadfaí fíneáil ar an láthair €150 a ghearradh orthu, agus mura n-íoctar an fhíneáil seo is féidir go dtabharfar chun na Cúirte Dúiche iad, áit ar féidir fíneáil €3,000 a ghearradh, ar a mhéad.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO