Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Sábháilteacht Bóthair um Cháisc

Bígí sábháilte ar na bóithre le linn na Cásca

Anois agus an Cháisc ag teannadh linn tá Meitheal Sábháilteachta Bóthair Dhún na nGall ag tathant ar úsáideoirí bóthair a bheith cúramach agus iad ag taisteal ar na bóithre le linn na saoire.  Le linn na Cásca beidh cuid mhór daoine ag tabhairt cuairte ar a gcuid teaghlach agus ar a gcuid cairde, cuid acu ag déanamh turais fhada.  Bí foighdeach agus déan cinnte go scroichfidh tú do cheann scríbe go slán sábháilte.

 

Go dtí seo i mbliana, tá 38 duine i ndiaidh bás a fháil ar bhóithre na hÉireann, agus 4 acu sin a maraíodh go tragóideach ar bhóithre Dhún na nGall.

  

Seo a leanas roinnt treoracha riachtanacha le haghaidh sábháilteacht bóthair:

 

Cuir ort crios sábhála i gcónaí agus déan cinnte go ndéanann na paisinéirí amhlaidh fosta. Déan cinnte go bhfuil suíocháin linbh curtha isteach mar is ceart, agus á n-úsáid mar is ceart.

 

Ná hól agus ná glac drugaí choíche agus tú ag tiomáint. Chan amháin go gcuirtear isteach go mór ar do chumas a bheith in ann gníomhú mar is ceart nuair a tharlaíonn rudaí, ach bíonn do chumas chun cinntí agus breitheanna a dhéanamh laghdaithe chomh maith. D’fhéadfá daoine eile a mharú ar an bhóthar, chomh maith le paisinéirí - agus tú féin.

 

Ná tiomáin má tá tú tuirseach.  Má tá sé ag dul crua ort do shúile a choinneáil ar oscailt, faigh áit shábháilte le stopadh agus sos a ghlacadh, nó lig do dhuine eile tiomáint.

 

Cloígh i gcónaí leis an teorainn luais.  Nuair a tharlaíonn eachtra éigin go tobann ar an bhóthar - bíonn an-tábhacht leis an luas atá á dhéanamh agat.  Is é do luas is cúis lena dtarlaíonn. Gabh níos moille.

 

Ná lig do ghuthán póca cur isteach ar d’aird. Tá sé mídhleathach, agus iontach contúirteach, guthán póca a úsáid agus tú ag tiomáint. Ná húsáid guthán póca nuair a bhíonn tú ag tiomáint.

 

Siúlóirí, Rothaithe agus Gluaisrothaithe. Bí le feiceáil i gcónaí trí éadaí atá an-fheiceálach nó frithchaiteach a chaitheamh.

 

Déan cinnte go bhfuil d’fheithicil in ord maith don bhóthar.  Faigh seirbhís do d’fheithicil go rialta agus déan cinnte go bhfuil na boinn ar d’fheithicil sábháilte agus in ord maith don bhóthar.

 

Fan siar achar sábháilte ó fheithiclí os do chomhair agus bí achar sábháilte stoptha ann i gcónaí.

 

Má chliseann ar d’fheithicil, cuir air na soilse guaise láithreach bonn. Ná gabh amach as an charr ach amháin má tá sé sábháilte sin a dhéanamh. 

 

Cuir air na soilse.  Is cuma cén t-am den lá ná den oíche atá ann, déan cinnte go mbíonn tú i gcónaí infheicthe ag úsáideoirí eile bóthair.

 

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO