Agus Saoire na Cásca buailte linn tá Meitheal Sábháilteachta Bóthair Dhún na nGall ag tathant ar gach ball den phobal a bheith cúramach agus iad ag taisteal ar na bóithre le linn na saoire.
Le linn na Cásca beidh go leor daoine ag dul ar cuairt chuig daoine muinteartha agus chuig cairde, cuid acu ar thurais fhada. Cuimhnigh go bhfuil gach duine eile sa chás chéanna leatsa; ná bíodh cantal ort má bhíonn tú gafa ar chúl feithiclí atá ag dul go mall, bí foighdeach agus fan go mbíonn sé sábháilte agus ná gabh thart ach amháin nuair a bhíonn sé go hiomlán sábháilte leis sin a dhéanamh.
Seo roinnt leideanna sábháilteachta don bhóthar:
Coisithe, Rothaithe agus Gluaisrothaithe
Seo mar a labhair Brian O Donnell, Oifigeach Sábháilteachta Bóthair, “agus muid ag dul isteach i saoire na Cásca d’iarrfainn go láidir ar gach úsáideoir bóthair cuidiú linn na bóithre s’againne a choinneáil slán sábháilte. Caithfidh muid a chuimhneamh i gcónaí go dtig fíordhroch-impleachtaí a bheith i gceist de bharr botún ar bith ar na bóithre. Tá baol breise i gceist le linn an deireadh seachtaine seo mar go mbíonn níos mó daoine amuigh ar na bóithre, mar sin de, bí cúramach agus faicheallach i dtaca le do shábháilteacht féin agus sábháilteacht daoine eile. Le níos mó tráchta ar na bóithre, beidh méadú ar an am a ghlacfaidh sé turas a dhéanamh agus táimid ag tathant ar gach duine atá ag taisteal i bhfad neart ama a thabhairt dóibh féin lena gceann scríbe a bhaint amach, an bealach a phleanáil, a n-am a ghlacadh, agus codladh maith a fháil, nó sos maith a fháil, sula dtabharfaidh siad faoin turas.
Agus dúirt sé leis ‘ba mhaith linn go mbainfeadh gach duine sult as Saoire na Cásca gan faitíos ná imní a bheith orthu go bhfuil siad chun castáil le tiománaí atá ag dul róghasta, nó atá faoi thionchar an óil nó drugaí nó an dá rud. Ní de sheans a tharlaíonn sé go mbíonn daoine ag tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí, is cinneadh a dhéantar d’aonghnó é, agus tá sé fíorshantach agus fíorchontúirteach mar ghníomh. Tá tú ag cur do bheatha féin i mbaol, ach lena chois sin, tá tú ag cur beatha daoine eile i mbaol. Mura bhfuil tú ag iarraidh a bheith i do staitistic agus teaghlach a fhágáil croíbhriste agus faoi scáth an bhróin, caithfidh tusa, agus gach úsáideoir bóthair, a bheith freagrach.’
Go dtí seo i mbliana, tá 48 nduine i ndiaidh bás a fháil ar na bóithre in Éirinn, agus maraíodh beirt acu sin ar bhóithre Dhún na nGall.