Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Sábháilteacht ar na Bóithre sa tSamhradh

Bí slán ar na bóithre le linn an tsamhraidh

Stay Safe on the Roads

 

Tá Meitheal Sábháilteacht Bóthair Dhún na nGall ag iarraidh ar thiománaithe tiomáint go cúramach le linn an tsamhraidh. "Ba chóir do gach duine a úsáidfidh na bóithre ag an am seo den bhliain a bheith níos cúramaí mar go mbeidh i bhfad níos mó tráchta ann, daoine ag tiomáint ar thurais fhada ar laethanta saoire nó le cuairt a thabhairt ar a gcuid daoine muinteartha agus ar chairde' arsa Brian Ó Domhnaill, Oifigeach Sábháilteachta Bóthair Dhún na nGall.

 

Tá an samhradh ar an tréimhse is contúirtí ar na bóithre agus maraíodh 100 duine le linn mhíonna Iúil agus Lúnasa ó 2014 go dtí 2016. Tá mí Iúil ar an mhí is measa, go staitisticiúil, ó thaobh básanna ar na bóithre de, nuair a tharla 58 bás sa tréimhse sin.

 

Tá ceangal mór go fóill idir an tiomáint faoi thionchar an óil agus básanna ar na bóithre, agus i mí Aibreáin 2017 gabhadh níos mó daoine as bheith faoi thionchar an óil ná mar a tharla in aon mhí eile ó bhí an bhliain 2012 ann. Tá Brian Ó Domhnaill ag impí ar dhaoine gan a bheith ag tiomáint faoi thionchar an óil, mar go gcuireann fiú deoch amháin isteach ar chumas tiomána an duine. 'An fiú beatha duine an riosca a ghlacadh?' a d'fhiafraigh sé. 

Is tragóid é bás éinne ar an bhóthar agus go dtí seo maraíodh 82 duine ar na bóithre ar na bóithre, cúigear acu sin i nDún na nGall. Tá an tiomáint ar cheann de na gníomhartha is contúirtí a dhéanaimid gach lá den tseachtain.

  

Is mar gheall ar iompar daoine a tharlaíonn cuid mhór timpistí bóthair, agus i gcuid mhór cásanna baineann an t-iompar sin le hól agus tiomáint.

 

Cuirimid fearadh na fáilte roimh an tsamhradh agus roimh an aimsir mhaith agus roimh na hoícheanta fada, dár ndóigh, ach is minic a mheasctar an soilsiú breise gréine le hól breise sóisialta, agus bíonn barraíocht daoine ag dul sa seans ar chúl an rotha stiúrtha.

 

Tá na teachtaireachtaí is láidre agus is tábhachtaí i dtaca leis an tréimhse ghnoitheach seo ar na bóithre iontach soiléir do gach duine againn.

 

Ná bí ag tiomáint choíche má bhíonn tú ag ól nó ag glacadh drugaí, agus ná gabh isteach in aon charr le tiománaí a bhfuil amhlaidh déanta aig nó aici.

Cloígh le teorainneacha luais i gcónaí.

Moilligh síos sa droch-aimsir agus fág neart ama agat le dul go dtí do cheann scríbe.

Caith do chrios sábhála i gcónaí.

Ná húsáid guthán póca choíche agus tú ag tiomáint.

Bí cúramach fán tuirse agus an tiomáint.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO