Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Sábháilteacht agus Rothaíocht

Rothaíocht Shábháilte

 

Stay Alive 1.5 Campaign

An Cathaoirleach, An Clr. Seán Mac Ailín, An Príomh-Fheidhmeannach, Séamus Mac Conghaola, An tOifigeach Sábháilteachta Bóthair, Brian Ó Dónaill, Niall Mac Beatha agus Breandán Ó Peatáin, baill de Chumann Rothaíochta Leifir/an tSratha Báin ag seoladh an fheachtais feasachta rothaíochta 1.5 'Ag Coinneáil Beo'.

 

Is é is aidhm do Chomhairle Contae Dhún na nGall agus do Mheitheal Sábháilteachta Bóthair Dhún na nGall:

 

  • An lógó 'Ag Coinneáil Beo 1.5', a bhaineann le dul thart ar rothaithe ar dhóigh shábhailte, a chur ar fheithiclí de chuid Chomhairle Contae Dhún na nGall, agus teachtaireacht láidir ann gur chóir 1.5 méadar a fhágáil idir feithiclí agus rothaithe i gcónaí.
  • Chun aird lucht tiomána a dhíriú ar an tsábháilteacht i dtaca le dul thart ar rothaithe. Táthar ag súil go mbeidh an chomharthaíocht seo ina chuidiú faoin dóigh le caitheamh le lucht rothaíochta nuair a chastar ar an bhóthar iad.
  • Chun comhthuiscint agus meas a chothú i dtaca leis an bhóthar a roinnt.


Fuair 190 duine bás ar bhóithre na hÉireann in 2013, i gcomparáid le 162 in 2012. In 2014, tháinig méadú ar líon na mbásanna go dtí 197, méadú de 35 laistigh de dhá bhliain. Maraíodh cúigear rothaithe ar na bóithre in 2013 agus bhí méadú suntasach ar an líon rothaithe a maraíodh in 2014, suas go dtí 13.

 

Léirítear i dtaighde go dtarlaíonn an líon is mó gortuithe do rothaithe ó mhí Bealtaine go dtí mí Mheán Fómhair, agus is é an t-am brú tráchta ar maidin agus sa tráthnóna an t-am is minice a ghortaítear rothaithe. Léiríodh i dtuairisc i dtaca le gortuithe do rothaithe in 2012 gur gortaíodh 630 rothaí ar na bóithre, an líon is mó riamh le deich mbliana roimhe sin. Agus bhí méadú 200% ar thráma droma de bharr gortuithe rothaíochta san Ionad Naisiúnta Dromlaigh.

 

Is minic a tharlaíonn tionóisc nuair a théann tiománaí thart ar rothaí, nuair nach bhfuil go leor fairsingeachta ann le sin a dhéanamh, agus ansin go dtagann feithicil eile ón treo eile go díreach nuair atáthar ag dul thart. Ba chóir do gach duine a úsáideann na bóithre a bheith ullamh don rud nach mbítear ag dréim leis.

 


Tá sé tábhachtach go n-aithnímid gur fíordhaoine iad na rothaithe. Mar rothaí, agus mar úsáideoir bóthair atá leochaileach, caithfidh tú tiomáint go cosantach, agus d'aird a dhíriú ar gach contúirt atá romhat. Ach an t-aon chontúirt amháin nach dtig leat a fheiceáil ná an chontúirt atá ar do chúl.

 

Tá sé tábhachtach chomh maith a chur ina luí ar rothaithe go bhfuil an fhreagracht chéanna orthusan, agus ról le himirt acu féin, i dtaca le sábháilteacht bóthair. Ba chóir do rothaithe a bheith tuisceanach ar úsáideoirí bóthair eile, nuair a bhíonn siad ag úsáid bóthair a bhfuil gualainn chrua chuí aige. Bíodh meas ar an bhóthar, is linne ar fad é.

 

Buíochas leis na baill foirne i gComhairle Contae Dhún na nGall a chuidigh, go háirithe na baill foirne i gClór Innealra Chomhairle Contae Dhún na nGall agus baill Chumann Rothaíochta Leifir an tSratha Báin. Buíochas chomh maith le Frank Burke, Oifigeach Rothaíochta le feachtas 'Ag Coinneáil Beo 1.5' de chuid Chomhairle Contae Loch Garman.

 

Is é a dúirt Brian Ó Dónaill, Oifigeach Sábháilteachta Bóthair "Má tharlaíonn tionósc ar an bhóthar idir tiománaí agus rothaí, beidh drochghortú nó bás mar thoradh air. Má chuidíonn an chomharthaíocht ar fheithiclí Chomhairle Contae Dhún na nGall ar dhóigh ar bith le haird an phobail a dhíriú ar an cheist seo, agus má shábháiltear fiú duine amháin, b'fhiú é.  Is barraíocht é bás amháin ar na bóithre, is barraíocht é gortú amháin ar na bóithre. Is é seo an teachtaireacht thábhachtach atá an feachtas 'Ag Coinneáil Beo 1.5' ag iarraidh a chur ina luí ar an oiread daoine agus is féidir. Má bhíonn meas ar na bóithre idir tiománaithe agus rothaithe beidh na bóithre níos sábháilte d'achan duine.'

 

Dá mba mhaith leat cuidiú, roinn an nasc ar leathanach facebook agus ar chuntas giolcaireachta Chomhairle Contae Dhún na nGall le húsáideoirí bóthair eile agus le cuidiú Dé beidh muid in ann an chomhthuiscint agus an meas ar a chéile a chothú idir gach duine ar na bóithre i nDún na nGall.

 

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO