Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Sábháil Fuinneamh Sábháil Airgead

Sábháil Fuinneamh Sábháil Airgead

 

Seó Sábhála Ren Net - Sábháil Fuinneamh Sábháil Airgead

 

Beidh Seó Sábhála Ren Net ar siúl Déardaoin seo chugainn (9 Deireadh Fómhair) in Óstán an Silver Tassie, Leitir Ceanainn óna 11am go dtí 5pm agus cead isteach saor in aisce. 

 

Cuirfidh an seó seo comhairle ar fáil saor in aisce faoin dóigh le coinneáil te, sábháilte agus sláintiúil le linn an gheimhridh seo amach romhainn agus beidh taispeántas de tháirgí agus seirbhísí ann mar chuid de, idir insliú, bailiú báistí, grianphainéil, soirn, agus cúrsaí cánach agus airgeadais.  Beidh Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann nó ÚFIÉ ann le comhairle a thabhairt i dtaca leis na deontais agus maoiniú atá ar fáil.  Beidh poitigéir i láthair chomh maith le seiceálacha brú fola a dhéanamh saor in aisce agus le comhairle rúnda a thabhairt.

 

Tá an ócáid seo á reáchtáil mar chuid den tSeachtain um Chuimsiú Sóisialta i mbliana agus beidh caint ann chomh maith dar teideal Sábháil Fuinneamh Sábháil Airgead ó 11.30am go dtí 12.30pm le sólaistí ar fáil roimh thús na hócáide agus ina diaidh.  Is é John Breslin ó Raidió Highland a óstálfaidh an chaint seo, agus cuirfidh sé ceisteanna ar an lucht taispeántais ag an seó faoi na táirgí agus na seirbhísí atá acu.  Féach ar www.ren-net.org fá choinne liosta iomlán de na taispeántais.

 

Seo mar a labhair Joanne Holmes, Comhordaitheoir Ren Net le Comhairle Contae Dhún na nGall "má tá tú ag iarraidh airgead a shábháil agus má tá imní ort faoi chostais fuinnimh ag méadú agus faoi tháillí uisce agus más mian leat a fháil amach cad é an dóigh is fearr le do theach a choinneáil te an geimhreadh seo bhuel buail isteach chuig Seó Sábhála Ren Net le freagraí a fháil ar do chuid ceisteanna agus níos mó a fhoghlaim faoi na roghanna atá agat". 

 

Agus ar sise chomh maith "beidh suim ar leith ag daoine níos sine sa chaint Sábháil Fuinneamh Sábháil Airgead agus mholfainn do dhaoine teacht chuig an seó ar 11am le haghaidh tae agus bonnóga in aisce, agus uair a' chloig a chaitheamh ag éisteacht le John Breslin ó Raidió Highland ag ceistiú lucht na dtaispeántas ag an seó fána gcuid táirgí agus seirbhísí".

 

Tá an Seó Sábhála á eagrú mar chuid de Sheachtain Cuimsiú Sóisialta Chomhairle Contae Dhún na nGall idir 6 - 10 Deireadh Fómhair, á reáchtáil ag Ren Net, an t-aon Ghréasán Gnó um Fuinneamh Inmharthana san Iarthuaisceart, agus tá cead isteach saor in aisce. 

 

Is é atá sa Ghréasán Gnó um Fuinneamh Inmharthana (Ren Net) ná gréasán de ghnólachtaí áitiúla atá bainte le fuinneamh inathnuachana agus éifeachtúlacht fuinnimh san Iarthuaisceart. 

 

Tá Togra Ren Net á sheachadadh trí chomhpháirtíocht Trasteorann, faoi stiúir Ghrúpa Trasteorann Réigiún an Iarthuaiscirt (GTRI). Oibríonn an chomhpháirtíocht le chéile le Réigiún an Iarthuaiscirt a fhorbairt agus é déanta suas de Chomhairle Contae Dhún na nGall, Comhairle Chathair Dhoire, Comhairle Buirge Léim an Mhadaidh, Comhairle Ceantair Mhachaire Fíolta agus Comhairle Ceantair an tSratha Báin. Is í Comhairle Contae Dhún na nGall an Chomhairle atá i mbun an togra áirithe seo a chur i bhfeidhm. Tá togra Ren Net á pháirtmhaoiniú ag Ciste Forbraíochta Réigiúnaí an Aontais Eorpaigh (CFRA) trí Chlár INTERREG IVA atá á bhainistiú ag Foras Chláir Speisialta an AE (FCSA). 

 

Beidh an Seó Sábhála ar oscailt ó 11am go dtí 5pm in Óstán an Silver Tassie, Leitir Ceanainn Déardaoin 9 Deireadh Fómhair. Tá fáilte roimh achan duine agus cead isteach saor in aisce.  Beidh na cainteanna Sábháil Fuinneamh Sábháil Airgead ar siúl ó 11.30am go dtí 12.30pm le sólaistí in aisce roimh an imeacht, agus ina dhiaidh.  Is cinnte go bhfaighidh tú rud éigin ar spéis leat é ag an seó, agus foghlaimeoidh tú dóigheanna úra le hairgead a shábháil agus tú féin a choinneáil deas teolaí le linn an Gheimhridh.  

 

 Fá choinne tuilleadh sonraí déan teagmháil le hOifigeach Togra Ren Net, Comhairle Contae Dhún na nGall 074 9153900 rphost: [email protected]

 

Nótaí don Eagarthóir.

 

Is Foras Feidhmiúcháin Thuaidh/Theas é Foras Chláir Speisialta an AE, atá á urrú ag an Roinn Airgeadais agus Pearsanra i dTuaisceart Éireann agus an Roinn Airgeadais in Éirinn.  Tá sé freagrach as dhá Chlár cistí struchtúracha AE a bhainistiú, mar atá SÍOCHÁIN III agus INTERREG IV, atá dírithe ar chomhoibriú trasteorann a fheabhsú, an t-athmhuintearas a chothú agus sochaí níos síochánta agus níos rathúla a chruthú. Feidhmíonn na Cláracha laistigh de limistéar atá sainnithe go soiléir, ar a n-áirítear Tuaisceart Éireann, Réigiún Teorann na hÉireann agus Iarthar na hAlban.

 

Is fiú €256 milliún é Clár INTERREG IVA, atá á mhaoiniú faoi Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), agus féachann sé le dul i ngleic leis na fadhbanna eacnamúla agus sóisialta a éiríonn as teorainneacha a bheith ann.  Tá dhá bheartas tosaíochta ar leith sa chlár le comhoibriú a chothú ar mhaithe le réigiún trasteorann níos rathúla agus níos inbhuanaithe.

 

Fá choinne tuilleadh eolais ar an FCSAE tabhair cuairt ar www.seupb.eu

 

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO