Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Réaltaí Léitheoireachta

Bí i do réalta léitheoireachta le linn an tsamhraidh!

Summer Reading Star 2

 

 

 

Tá deis ag páistí as achan chearn de Dhún na nGall a bheith ina Réalta Léitheoireachta an samhradh seo trí go leor gníomhaíochtaí spraoi sna leabharlanna áitiúla.

 

 

“Tá lúcháir orainn a bheith in ann an togra náisiúnta Eachtraíocht Léitheoireachta na Réaltaí Samhraidh a thairiscint do pháistí i nDún na nGall don tríú bliain” arsa Donna Cavanagh ó Sheirbhís Leabharlainne Dhún na nGall “is dóigh iontach é seo le scileanna léitheoireachta do pháistí a chothabháil le linn mhíonna an tsamhraidh agus le fíorghrá don léitheoireacht a chothú iontu. Agus níos fearr fós, tá sé saor in aisce.”

 

 

Is é atá i Réaltaí an tSamhraidh clár spreagúil léitheoireachta agus tá fáilte roimh pháistí clárú agus sult a bhaint as an oiread leabhar agus is féidir leo mar chuid dá gcuid eachtraíochtaí samhraidh. Tabharfar Cárta Léitheoireachta Réaltaí Samhraidh do gach rannpháirtí leis an dul chun cinn a dhéanfaidh siad a scríobh síos agus a leanúint. Beidh duaiseanna agus rudaí le iad a spreagadh i rith an ama agus beidh ócáid mhór do gach rannpháirtí ag an deireadh le dlaoi mhullaigh a chur ar an togra.

 

 

“Níl le déanamh agat ach bualadh isteach i do leabharlann áitiúil” arsa Donna Cavanagh “nó níos fearr go fóill is féidir leat preabadh ó leabharlann go leabharlann i rith an tsamhraidh trí do chárta leabharlainne a úsáid agus stampa a fháil ar na Cártaí Taifeadta le haghaidh Léitheoireacht Samhraidh in aon cheann de na leabharlanna nó na hionaid Taobh Tíre atá againn ar fud Dhún na nGall agus ar fud na tíre”.

 

 

“Aon rud a fhaightear ar iasacht, is féidir é a fhágáil ar ais i do leabharlann áitiúil.  Mar sin de, má tá tú amuigh ag eachtraíocht leis an teaghlach ar feadh an lae, cad chuige nach mbuailfeá isteach chuig ceann dár mbrainsí le do leabharthaí a fhágáil ar ais agus rud éigin úr a fháil uaidh sin?”

 

 

Beidh imeachtaí ar siúl sna leabharlanna áitiúla i rith an tsamhraidh, an leabharlann i mBaile Dhún na nGall ina measc, áit a mbeidh Cóisir Scéalaíochta do Réaltaí Samhraidh Déardaoin 26 Iúil, agus sa leabharlann i Leifear beidh deis agat foghlaim faoin dóigh le do mhadadh a thraenáil Dé Máirt 21 Lúnasa.  Beidh ‘Súgradh le Lego’ ar siúl maidin Dé Luain agus Dé hAoine i mí Iúil i Leabharlann Bhun Cranncha agus beidh Scéalta agus Ceardaíocht do Réaltaí Samhraidh ar siúl in amannaí Dé Máirt agus Dé Sathairn i mí Iúil chomh maith le seisiúin bhácála do réaltaí sa Lárleabharlann i Leitir Ceanainn ar an 10 agus an 13 Iúil.

 

 

Dóibh siúd a dtéann sé crua orthu a gcuid páistí a spreagadh le léamh molann Dona Cavanagh dóigh suimeanna agus caithimh aimsire na bpáistí a úsáid mar thúsphointe, ag rá “gur áit iontach í an leabharlann áitiúil le leabharthaí a aimsiú a mbeadh fonn ar do pháiste a léamh. Ós rud é go bhfuil teacht agat ar leabharthaí ó áit ar bith sa tír, is féidir leat ábhar ar suim leat é a chuardach agus a iarraidh ar líne agus é a fháil seolta chuig do leabharlann áitiúil.”

 

 

Agus í ag tabhairt níos mó eolais ar na seirbhísí atá ar fáil míníonn sí go bhfuil forbairt déanta le blianta beaga anuas ar an ábhar léitheoireachta atá ar fáil, ar a n-áirítear acmhainní ar líne ar nós greannán, irisí, agus ríomhleabhar a d’fhéadfadh cuidiú le daoine nach bhfuil mórán suime acu sa léitheoireacht a spreagadh.

 

 

Fá choinne tuilleadh eolais ar an togra Réaltaí Léitheoireachta Samhraidh buail isteach chuig do leabharlann áitiúil nó féach ar www.donegallibrary.ie .

 

 

Summer Reading Star 1

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO