Ag cur fáilte go Dún na nGall roimh an Fhoireann Railí go Haiti tá an Clr. Noel Jordan, Ronnie Foreman, An Clr. Toirealach Ó Sluaigh agus an Clr Tom Conaghan
Chuir an Cathaoirleach an Clr. Toirealach Ó Sluaigh, i gcomhar le comhairleoirí eile ó Cheantar Bardais Bhaile Dhún na nGall, fáilte roimh an tiománaí clúiteach idirnáisiúnta Ronnie Foreman agus a fhoireann siúd oíche Dé Luain i mBaile Dhún na nGall, agus thug siad tacaíocht dá ‘Railí go Haiti’ atá ar siúl ag Ronnie an tseachtain seo chun aird an phobail a tharraingt ar mhuintir Haiti i ndiaidh Hairicín Matthew i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo caite, agus le hairgead a bhailiú fána gcoinne.