Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Rabhadh Tine

Fógra maidir le Baol Mór Tine - Coinníoll Oráiste

Tá an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara i ndiaidh fógra baol mór tine (Coinníoll Oráiste) a eisiúint, i bhfeidhm ón mheánlae inniu le haghaidh gach ceantar ina bhfuil breosla contúirteach amhail aiteann, fraoch, féara tirime, agus plandaí marbha eile, agus tá ráite acu go mairfidh na coinníollacha seo go dtí meánlae ar an 17 Bealtaine 2019, ar a laghad.

 

Is mian le Comhairle Contae Dhún na nGall tathant ar úinéirí talún agus ar bhaill den phobal a bheith faicheallach agus gach gníomh is gá a ghlacadh le tinte fiáine a sheachaint ina mbeadh ábhair ar nós amhail aiteann, fraoch, agus a leithéid de sin a sheachaint.


Táthar ag iarraidh ar úinéirí talún agus gach ball den phobal a bheith airdeallach agus fios a chur láithreach bonn ar an tSeirbhís Dóiteáin, trí scairt a chur ar 999 nó 112, maidir le haon tine gan smacht gan chúram.

Tá an Chomhairle ag iarraidh ar úinéirí talún agus ar bhaill den phobal chomh maith gan a bheith i mbun gníomhaíochtaí a d’fhéadfadh tús a chur le tinte fiáine.

 

Moltar do shealbhóirí tí agus d’úinéirí foirgnimh, i gceantracha ina mbíonn baol tine fíáine, aon phandlaí nó a leithéid a thabhairt ar shiúl nó a ghearradh siar má tá sé cóngarach don teach, don fhoirgneamh nó don umar ola, le tinte fiáine a stopadh ó bheith ag déanamh dochair dá gcuid sealúchas.

 

Ba mhaith le Comhairle Contae Dhún na nGall chomh maith a chur i gcuimhne d'úinéirí talún agus do bhaill den phobal gur coir é aon fhásra atá ag fás ar thalamh nach bhfuil saothraithe idir 1 Márta agus 31 Lúnasa, in aon bhliain, a ghearradh, a ghrafadh, a dhó nó a scriosadh ar aon bhealach eile, de réir na nAchtanna Fiadhúlra 1976 agus 2000.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO